An difríocht idir athruithe ar: "An Airméin"

Content deleted Content added
priomhaire
m gram.
Líne 44:
|fonótaí=}}
 
Tír i Sléibhte [[Cugas|Chugais]] is ea í '''Poblacht na hAirméine''' (''Hayastani Hanrapetut'yun'', Հայաստանի Հանրապետություն), agus í ag críochantacht leis an [[An Asarbaiseáin (tír)|Asarbaiseáin]], [[an tSeoirsia]], [[an Tuirc]], agus [[an Iaráin]]. Tá cuid den Asarbaiseáin, [[Naxçıvan|Nakhichevan]], dealaithe ón gcuid eile den tír ag an Airméin.<ref>http://www.britannica.com/EBchecked/topic/46781/Azerbaijan</ref>
 
Is é an t-ainm a thugann na hAirméanaigh féin ar a dtír ná Hayastan (Հայաստան), agus é bunaithe ar ainm an laoich mhiotasaigh a chuir tús leis an tír, Haik nó Hayq. B'iad na comharsana a bhaist an t-ainm ''Armenia'' uirthi. Is dócha go raibh treibh láidir Airméanach ann a raibh an t-ainm sin uirthi. Tá ''Aram'' coitianta mar ainm Airméanach. D'fhéadfá a shíleadh go raibh taoiseach láidir ann arbh ainm dó Aram, agus gurbh iad lucht leanúna an taoisigh seo a thabhaigh an t-ainm sin don tír ansin.
Líne 50:
== Stair na hAirméine ==
 
Tír sheanársa is ea í an Airméin, agus tábhacht aici mar chumhacht réigiúnach i laethanta na [[An tSean-Róimh|sean-Róimhe]]. Tháinig na hAirméanaigh go dtí an Airméin thart faoin mbliain 600 roimh bhreith [[Íosa Críost|Chríost]], nuair a thit an tóin as an ríocht úd ''Urartu'' a bhí ann rompu. Ina dhiaidh sin, bhí an Airméin ina cúige Peirseach, agus na hAirméanaigh ar fiannas in arm an rí Pheirsigh. De thoradh fheachtas míleata [[Alastar Mór|Alastair Mhóir]], tháinig stáit nua ar an bhfód, ina measc ríocht Heilléanach na hAirméine, a bunaíodh sa bhliain 190 roimh bhreith Chríost. Nuair a bhí an stát seo i mbláth a chumhachta, idir na blianta 95 agus 66 roimh bhreith Chríost, chuimsigh sé na críocha ó Chugas go dtí [[an Liobáin]], an tSír agus oirthear na Tuirce, de réir gheografaíocht an lae inniu. Ar feadh tamaill, bhí an Airméin ar an stát ba chumhachtaí soir ó [[Impireacht na Róimhe]]. Fuair an Róimh greim ar an Airméin sa bhliain 66 roimh bhreith Chríost, agus tháinig na hAirméanaigh faoi thionchar an Iarthair i gcúrsaí polaitíochta, cultúir, agus creidimh. Ba mhinic a bhí an Airméin ina cnámh spairne idir na Rómhánaigh agus na Peirsigh.
 
Sna blianta 37-47 i ndiaidh bhreith Chríost, shealbhaigh na Partaigh an Airméin, ach ansin, ruaig na Rómhánaigh iad arís. Nuair a bhí Nero ina Impire sa Róimh, chuir na Rómhánaigh feachtas cogaidh ar Impireacht na bPartach, a bhí ag iarraidh an Airméin a fhorghabháil arís. D'éirigh ina chogadh idir na Rómhánaigh agus na Partaigh arís, nuair a d'ionsaigh Vologases a Ceathair, Rí na bPartach, an Airméin sa bhliain [[162]]. I ndiaidh trí bliana cogaidh, d'éirigh leis an Impire Lucius Verus an cath a bhriseadh ar na Partaigh. Thabhaigh an feachtas seo an leasainm ''Armeniacus'' don Impire.
Líne 89:
I Mí an Mheithimh sa bhliain [[2005]], measúnaíodh go raibh 2,982,904 duine ina gcónaí san Airméin, agus is í an Airméin an dara tír is dlúithe daonra de na poblachtaí iar-Shóivéadacha. Ó thit an tAontas Sóivéadach as a chéile, chaill an Airméin cuid mhaith den daonra, agus an oiread daoine is a chuaigh ar imirce. Tá an chuma ar an scéal, áfach, go bhfuil an taoide ag casadh faoi láthair, agus go dtosóidh an daonra ag dul i méadaíocht arís sa bhliain [[2010]].
 
Airméanaigh eitneacha is ea iad 97.9 % de mhuintir na tíre. Coirdínigh (1.3 %) agus Rúisigh (0.5 %) is ea iad an chuid is mó den fhuílleach, chomh maith le dornáin bheaga d'Úcráinigh, Aisírigh, Gréagaigh agus Seoirsigh. Bhí mionlach réasúnta mór d'Asarbaiseánaigh ann freisin, ach nuair a thosaigh an cogadh idir an Airméin agus an Asarbaiseáin, d'éalaigh an chuid ba mhó acu as an tír chomh sciobtha in Éirinn agus ab fhéidir leo. Sin é an rud a tharla d'Airméanaigh na hAsarbaiseáine chomh maith, nó shocraigh siad síos sna ceantair a bhí sealbhaithe ag na saighdiúirí nó na treallchogaithe Airméanacha.
 
Tá an chuid is mó d'Airméanaigh an domhain ina gcónaí taobh amuigh dá máthairthír inniu. Deirtear, fiú, go bhfuil ocht milliún Airméanaigh ar deoraíocht. Tá pobail Airméanacha le fáil ar fud an domhain, go háirithe sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]], i g[[Ceanada]], sa [[An Rúis|Rúis]], san [[An Fhrainc|Fhrainc]], san [[An Iaráin|Iaráin]], agus sa [[An Liobáin|Liobáin]].
Líne 95:
Is í an Chríostaíocht an [[creideamh|reiligiún]] is mó san Airméin. Bunaíodh Eaglais na hAirméine chomh fada siar leis an gcéad aois i ndiaidh bhreith Chríost, agus deirtear gur beirt Aspal de chuid an t[[Íosa Críost|Slánaitheora]] féin, Parthalán agus [[Naomh Iúdás Tadáias|Iúdás Tadáias]], a chuir tús léi, nuair a bhí siad ag misinéireacht san Airméin i lár na haoise. Sin é an tuige, fosta, go dtugtar "Eaglais Aspalda na hAirméine" ar eaglais náisiúnta na tíre. Baill den Eaglais seo is ea iad 93 % de mhuintir na hAirméine. Eaglais Ortadocsach Oirthearach atá ann, agus í an-tugtha dá cuid deasghnátha agus dá seanfhoirceadal. D'fhéadfá a rá go bhfuil sí cosúil leis an Eaglais Choptach agus leis an Eaglais Shíreach. Tá Caitlicigh ann chomh maith. Tá dhá chineál Caitliceach ann dháiríre, idir Chaitlicigh Rómhánacha agus Chaitlicigh Airméanacha. An dara dream acu, tugann siad urraim don Phápa, ach san am céanna, cloíonn siad leis na deasghnátha Airméanacha. Tá dornán beag Airméanach ag dul leis na heaglaisí beaga Protastúnacha freisin. Maidir leis na Coirdínigh in iarthar na tíre, tá creideamh traidisiúnta - ''Yazideachas'' - dá gcuid féin acu.
 
Ní mhaireann ach an corr-Mhoslamach san Airméin inniu. Moslamaigh ab ea iad na hAsarbaiseánaigh a raibh cónaí orthu sa tír roimh an gcogadh, chomh maith le cuid de na Coirdínigh, ach theith siad lena n-anam nuair a d'éirigh idir an Airméin agus an Asarbaiseáin.
 
== Polaitíocht ==