An difríocht idir athruithe ar: "An Aramais"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
mNo edit summary
Líne 13:
|macratheanga=is ea}}
 
[[Teanga (cumarsáid)|Teanga]] [[Teangacha Seimíteacha|Sheimíteach]] is ea í an '''Aramais''' a dtéann a stair trí mhíle bliain siar. I rith na staire seo, bhí úsáid á baint as an Aramais mar theanga oifigiúil in impireachtaí agus mar theanga naofa i reiligiúin éagsúla. Cé go bhfuil an chuid is mó den tSean-Tiomna scríofa as Eabhrais, breacadh cuid mhór de leabhartha [[Dainéil]] agus [[Eazrá]] síos sa teanga seo. Creidtear gurbh í an Aramais a bhí á labhairt ag [[Íosa Críost]] féin ó dhúchas, nó san am sin, bhí sí tagtha in áit na h[[An Eabhrais|Eabhraise]] mar phríomhtheanga labhartha sa [[An Phalaistín|Phalaistín]]. Úsáidtear Aramais sa [[An Talmúd|Talmúd]] freisin.
 
== Scaipeachán na hAramaise ==
Líne 21:
== Canúintí ==
 
Dornán de chanúintí, nó fiú de theangacha gaolmhara, is ea í an Aramais dháiríre. Is é is cúis leis an éagsúlacht seo ná an dealú agus an deighilt a tháinig idir na pobail Aramaise i rith na gcianta. D'fhorbair Aramais na nGiúdach agus Aramais na gCríostaithe go difriúil, ní nach ionadh. Cuid de na canúintí, tá siad intuigthe ag cainteoirí a chéile, ach tá leaganacha den Aramais ann freisin atá chomh dothuigthe ag lucht labhartha na gcanúintí eile is gur fearr dearcadh orthu mar theangacha scartha. Tá ainmneacha ar leith ar na canúintí. Mar shampla, tugtar Siricis (Béarla: ''Syriac'') ar Aramais Oirthearach na bpobal Críostaí. Go bunúsach, is féidir canúintí Iartharacha agus Oirthearacha a aithint, agus an teoirlíne ag dul ar an taobh thiar den Mheaspatáim. Tá sé áisiúil freisin na canúintí Nua-Aramaise - is é sin, na canúintí a labhraítear inniu - a scaradh ó na teangacha scríofa Clasaiceacha a shaothraítear mar chaighdeán liteartha i gcónaí, agus ó na leaganacha a chuaigh as úsáid go hiomlán, ionas nach gcuireann ach saineolaithe spéis iontu inniu.
 
== Córas Scríbhneoireachta na hAramaise ==