An difríocht idir athruithe ar: "Sochtheangeolaíocht"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 51 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q160845 (translate me)
mNo edit summary
Líne 1:
Brainse den [[teangeolaíocht]] is ea í an t'''sochtheangeolaíocht''' a dhéanann staidéar ar an dóigh a mbíonn an tsochaí, caighdeáin agus normanna na sochaí, an cultúr, an coimhthéacs agus an cineál iompraíochta a mbítear ag súil leis uait ag imirt a dtionchair ar an teanga agus ar an úsáid a bhaintear as an teanga.
 
Cúis spéise don tsochtheangeolaí is ea freisin na difríochtaí atá inaitheanta ar na canúintí a labhraíonn dreamanna éagsúla nach ionann iad ó thaobh saintréithe sóisialta de, cosúil leis an dúchas, an reiligiún, an stádas sóisialta, an gnéas, an t-oideachas agus araile, agus conas a aithnítear ionad an duine sa tsochaí ar na difríochtaí cainte agus canúna. Cosúil leis an dóigh a mbíonn an chaint difriúil in áiteanna difriúla (na canúintí i gciall cheart an fhocail sin "canúint", is é sin, na canúintí áitiúla nó réigiúnda), bíonn canúintí éagsúla ag dreamanna éagsúla sa tsochaí, agus is iad na canúintí seo - na [[Canúint shóisialta|canúintí sóisialta]] - is ábhar taighde don tsochtheangeolaíocht.