An difríocht idir athruithe ar: "An Túvais"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 10:
|rialtóir=''Níl údarás teanga ann''
|iso1=~|iso2=tyv|iso3=tyv}}
[[Teangacha Tuircice|Teanga Tuircice]] is ea í an '''Túvais'''. Tá an teanga á labhairt i d[[Túva]] na [[An Rúis|Rúise]], taobh thuaidh den [[An Mhongóil|Mhongóil]]. Thairis sin, tá canúintí Túvaise á labhairt ag dreamanna beaga sa Mhongóil agus sa [[an tSín|tSín]]. Tá sí ó dhúchas ag 200,000 duine, a bheag nó a mhór, agus í ina teanga oifigiúil i dTúva chomh maith leis an [[An Rúisis|Rúisis]]. Níl sí ina teanga scríofa ach ón mbliain [[1930]], nó roimhe sin, ba nós le muintir Thúva a gcuid scríbhneoireachta a dhéanamh trí mheán na Mongóilise.
 
Murab ionann agus na teangacha Tuircice eile, ní bhfuair an Túvais mórán focal ar iasacht ón [[An Araibis|Araibis]] ná ón bPeirsis. Ní raibh na Túvaigh riamh ina [[An tIoslam|Muslamaigh]], nó is iad an [[An Búdachas|Búdachas]] agus an Seamanachas reiligiúin thraidisiúnta na dTúvach. Fuair siad an Búdachas ón Tibéid tríd an Mongóil, agus mar sin, bhí an Mhongóilis an-tábhachtach mar fhoinse focal iasachta. Le déanaí, is iomaí téarma Rúisise a chuaigh in úsáid sa Túvais, go háirithe sa téarmaíocht nua-aimseartha.