An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Iaránacha"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 1:
Brainse d'[[Fine teangacha|fhine]] na d[[teangacha Ind-Eorpacha]] is ea iad na '''teangacha Iaránacha''', agus iad á labhairt sa Mheán-Oirthear agus i Lár na hÁise. Le bheith beacht, is foghrúpa iad den bhrainse [[teangacha Ind-Iaránacha|Ind-Iaránach]] iad, in éineacht leis na [[teangacha Ind-Áireacha]].
 
Tá na teangacha seo ainmnithe as [[an Iaráin]], nó is í an [[Peirsis|Pheirsis]] an teanga is líonmhaire cainteoirí acu, agus í ina teanga oifigiúil san Iaráin. Thairis sin, tá teangacha de chuid an ghrúpa seo á labhairt san Iaráin leis na cianta cairbreacha anuas. Ní hionann sin agus a rá go bhfuil baint ag na teangacha Iaránacha go léir leis an Iaráin, nó gur teangacha Iaránacha iad na teangacha uilig a labhraítear san Iaráin. Le fírinne, is teanga Thuirceach í an [[Asarbaiseáinis]], atá á labhairt go forleathan i dTuaisceart na hIaráine.
Líne 39:
Tugtar ''Farsi'' ar an bPeirsis san Iaráin féin, ach is fearr leis na hAfganastánaigh an seanainm úd ''Dari'' i gcónaí. Tá a gcanúint féin ag na Hazaraigh san Afganastáin agus sa Phacastáin (i dtimpeallacht Quetta) - sliocht sleachta do na hionsaitheoirí Mongólacha iad siúd a ghlac leis an bPeirsis fadó mar theanga dhúchais, ach fanann cuid mhaith focail iasachta ón Mongóilis ina gcanúint i gcónaí. Mar sin féin, tá siad ábalta úsáid a bhaint as an bPeirsis chaighdeánach le haghaidh scríbhneoireachta.
 
Cás ar leith is ea í an [[Táidsícis]]. Go bunúsach, níl ann ach an leagan áitiúil den Pheirsis, agus í á scríobh i litreacha Coireallacha. Tá cuid mhaith focail iasachta ón Rúisis inti chomh maith.
 
Tá an Pheirsis an-tábhachtach mar theanga chultúrtha agus liteartha san Áise, agus í á foghlaim is á saothrú ina lán tíortha nach bhfuil sí ina gnáth-theanga labhartha iontu. Tá clú domhanda ar litríocht chlasaiceach na Peirsise. Bhí an Pheirsis ina teanga oifigiúil san India féin go dtí gur chuir na Sasanaigh an Béarla ina háit sa bhliain 1843, agus ina dhiaidh sin féin, maireann traidisiún éigin Peirsise sa réigiún. Tá an Hiondúis, an Urdais agus na teangacha tábhachtacha eile san India agus sa Phacastáin breac le focail iasachta ón bPeirsis.