An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh Vítneam agus na Síne"
Content deleted Content added
No edit summary |
MacCambridge (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
||
Líne 24:
Bhí an tSín ag tacú le Vítneam sna cogaí in aghaidh na [[An tSeapáin|Seapáine]], na [[An Fhrainc|Fraince]] agus na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stát Aontaithe]], agus is iomaí coinsíneacht arm a fuair na Vítneamaigh, na fórsaí náisiúnaíocha ar dtús, agus ina dhiaidh sin na fórsaí Cumannacha, ón tSín le linn na gcogaí seo. Bhí [[an tAontas Sóivéadach]] ag cabhrú leis na Vítneamaigh chomh maith, áfach. Tar éis don deachtóir [[Iósaf Stailín]] bás a fháil tháinig naimhdeas idir [[an tSín]] agus na [[An tAontas Sóivéadach|Sóivéadaigh]], ach bhí ceannairí Vítneam sásta taobhú le rialtas nua Sóivéadach [[Nicíte Cruistsiof]]. Shíl ceannairí na Síne go raibh na Rúisigh ag iarraidh an tSín a imshuí, agus chuaigh siad ag déanamh mórtachais leis na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Meiriceánaigh]].
[[Íomhá:Stamps of Germany (DDR) 1979, MiNr 2463.jpg|clé|mion|177x177px|Stampa, DDR, 1979]]
I ndiaidh an bhua a fuair fórsaí [[Ho Chi Minh]] ar rialtas Vítneam Theas agus a d'athaontaigh Vítneam, tháinig an tsíocháin go Vítneam, ach san am céanna, chuir [[Pol Pot]] ar bun an [[An Champúis Dhaonlathach|Champúis Dhaonlathach]] sa [[An Chambóid|Chambóid]] le cuidiú ón tSín, an deachtóireacht a rinne ollmharú uafásach ar a muintir féin, go háirithe ar na mionlaigh náisiúnta - mionlach Vítneamach san áireamh. Tír bheag is ea
Ar an 17 Feabhra 1979, rinne 90,000 saighdiúir Síneach le 200 tanc ionsaí ar thuaisceart Vítneam.<ref>http://www.globalsecurity.org/military/world/war/prc-vietnam.htm</ref> Bhí a fhios ag na Sínigh go raibh an chuid ab fhearr de shaighdiúirí Vítneam sa Chambóid ag cur catha ar fhórsaí Pol Pot. Ní raibh ach timpeall 100,000 saighdiúir Vítneamach fágtha i dtuaisceart na tíre. Mar sin, d'éirigh leis na Sínigh dul timpeall daichead míle isteach ar thailte Vítneamacha. Mhaígh na Sínigh go raibh siad ag geataí [[Hanoi]], d'fhógair siad go raibh a misiún comhlíonta acu agus chúlaigh siad ar ais go dtí a dtaobh féin den teorainn. Níl sé soiléir cé acu a bhuaigh an cogadh i ndáiríre, ach má bhí sé i gceist ag na Sínigh na Vítneamaigh a bhrú amach as an gCambóid níor éirigh leo.
|