An difríocht idir athruithe ar: "Aontachtóirí na hÉireann"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 11:
Is é an dúchas [[an Bhreatain|Briotanach]] lárphointe na hAontachtóireachta in Éirinn. Creideann an tAontachtóir i bprionsabail na [[An Réabhlóid Ghlórmhar|Réabhlóide Glórmhaire]] sa bhliain 1866, mar a cheiliúrann [[an tOrd Oráisteach]] ar a gcuid mórshiúlta iad, agus léiríonn an tAontachtóir urraim do Choróin na Breataine Móire, ós dóigh leis gurb í an Choróin is mó a sheasann do na prionsabail sin. Is é dearcadh na [[Náisiúnachas in Éirinn|Náisiúnaithe]] in Éirinn ná gur chóir scarúint a lorg ón mBreatain Mhór, is é dianbharúil na nAontachtóirí gur cheart an nasc leis an mBreatain Mhór a dhaingniú agus a bhuanú, agus is cúis bhróid dóibh gur Briotanaigh iad agus gurb iad siombailí an Bhriotanachais a siombailí féin. Ina dhiaidh sin féin, is féidir leis na hAontachtóirí a cheapadh agus a rá gur Éireannaigh iad freisin.
 
Siombailí tábhachtacha don Aontachtóireacht is ea iad an Bhanríon, teaghlach ríoga na Breataine Móire go léir, bratach na hAontachta agus parlaimint na Breataine Móire. Sna ceantair Aontachtacha i dTuaisceart Éireann, bíonn muintir na háite ag cur na siombailí seo ar taispeántas go hoscailte lena ndílseacht do dhúchas a bpobail a léiriú.
 
== An Aontachtóireacht ar fud na hÉireann ==
Líne 45:
 
 
Is iomaí cúis a bhí ag na hAontachtóirí le bheith drochamhrasach i leith an Rialtas Dúchais. Iad siúd a bhí ina nAontachtóirí i gCúige Mumhan, i gCúige Laighean, nó i gCúige Chonnacht, ba tiarnaí talún iad a raibh eagla orthu go ngearrfadh parlaimint na Náisiúnaithe cánacha móra orthu. B'eagal le cuid acu freisin go dtapódh na Caitlicigh an deis anois le [[Péindlíthe]] dá gcuid féin a imirt ar na Protastúnaigh, cosúil leis na Péindlíthe a bhí i bhfeidhm leis na Caitlicigh a choinneáil faoi smacht, lá den saol. Cuid eile, bhí siad chomh doirte don Choróin agus don Ríocht Aontaithe is go raibh drogall orthu roimh aon athrú a thiocfadh ar stádas bunreachtúil na hÉireann. Ní hionann an méid sin, áfach, agus a rá gur Aontachtóir ab ea é gach Protastúnach san am, nó nach raibh ach uaisle ag tacú leis an Aontacht.
 
Bhí Aontachtóirí le fáil i measc an lucht oibre agus na meánaicmí chomh maith, agus d'fhéadfá teacht ar an gcorr-Chaitliceach a bhí tar éis a chuid féin a dhéanamh de dhearcadh polaitiúil na n-uasal. Ón taobh eile de, bhí a lán Protastúnach - daoine cosúil le Charles Stewart Parnell - ag taobhú leis an Rialtas Dúchais. Cúrsaí eacnamaíochta ba mhó a bhí ag déanamh scime d'Aontachtóirí áirithe i gCúige Uladh. Bhí siad barúlach, dá mbeadh parlaimint Náisiúnaíoch i mBaile Átha Cliath ag rialú na tíre, go mbeadh an chuid ba mhó d'Fheisirí na parlaiminte sin dall ar fad ar shainriachtanaisí na tionsclaíochta, ós rud é gurbh í an talmhaíocht an tslí bheatha ba tábhachtaí sa chuid eile den oileán.
Líne 63:
D'áitigh Edward Carson ar [[James Craig]], an chéad Phríomh-Aire ar Thuaisceart Éireann, féachaint chuige go bhfaighfeadh na Caitlicigh thuaidh cothrom na Féinne ó rialtas an stáit nua, ionas nach gcuirfidís síocháin na sochaí ó mhaith. Ní mar sin a d'iompaigh na cúrsaí amach, áfach. Bhí leatrom á imirt ar na Caitlicigh, cé gur ábhar conspóide é i gcónaí, cé chomh coitianta a bhí sé i ndáiríre. Bhí [[Basil Brooke]], arbh é an tríú Príomh-Aire ar an Tuaisceart é, drochamhrasach i leith an phobail Chaitlicigh, ó mharaigh na Poblachtánaigh col ceathair leis, agus iad ag bagairt go gairid ina dhiaidh sin go bhfuadóidís a mhac. Dúirt Brooke go hoscailte nár chóir do na fostóirí Protastúnacha jabanna a thabhairt ach don lucht oibre Protastúnach. Rinneadh claonroinnt ar na toghlaigh agus ar na dáilcheantair freisin lena chinntiú go bhfaighfeadh na hAontachtóirí a gcuid iarrthóirí isteach fiú in áiteanna a raibh pobail mhóra Chaitliceacha iontu. Ón taobh eile de, bhí an bochtanas coitianta go leor i measc na bProtastúnach féin, agus nuair a d'ionsaigh buamadóirí na Gearmáine Béal Feirste sa bhliain 1941, tháinig sé chun solais le linn na n-oibreacha réitithe ná go raibh lucht oibre an dá phobal go mór mór faoi leatrom.
 
Dúirt [[David Trimble]], a bhain amach [[Duais Nobel na Síochána]], gur "fuar an fháilte a bhí roimh an gCaitliceach i dteach an Tuaiscirt" an chuid ba mhó den fhichiú haois, agus é ag maíomh gur ceann de chuspóirí [[Comhaontú Aoine an Chéasta|Chomhaontú Aoine an Chéasta]] ab ea é athrú cuma a chur ar na cúrsaí seo. Is iomaí Aontachtóir, áfach - go háirithe na h[[DUP|Aontachtóirí Daonlathacha]] - a deir nach raibh leatrom á imirt ar na Caitlicigh ach go hócáidiúil, agus gur fhág trioblóidí na heacnamaíochta an dá phobal i ndrocháit.
 
=== Na Trioblóidí ===
Líne 98:
1) An Chéad Chogadh Domhanda féin. Níor cuireadh an [[coinscríobh]] i bhfeidhm ar Éirinn ach i ndeireadh an chogaidh. Mar sin, iad siúd a chuaigh chun cogaidh agus a fuair bás i machaire an áir, b'Aontachtóirí iad a bhformhór, agus an dóigh a raibh na Náisiúnaithe ag cur in aghaidh na "preasála", mar a thug siad ar an gcoinscríobh.
 
2) Sceimhlitheoireacht ghlan. Is é seo an míniú is fearr leis na hAontachtóirí i dTuaisceart Éireann inniu, ní nach ionadh. Deirtear go ndearna Óglaigh áirithe de chuid an IRA géarleanúint agus cineghlanadh ar na Protastúnaigh in áiteanna le linn [[Cogadh na Saoirse|Chogadh na Saoirse]] agus go gairid ina dhiaidh, thar aon áit eile i gCorcaigh, ó bhí pobal mór de lucht oibre Phrotastúnach ina gcónaí ansin. Cuid mhór de na Protastúnaigh i gCorcaigh, ba deargdhílseoirí dobhogtha iad, agus na Poblachtánaigh áitiúla chomh fanaiceach céanna. Cé gur pobal dlúth ab ea iad Protastúnaigh Chorcaí, ní raibh na Dílseoirí ansin ábalta an fód a sheasamh ar a son ar feadh i bhfad. Go leor acu, ní bhfuair siad de rogha ach dul ar imirce.
 
3) Imirce. Níorbh iad Dílseoirí Chorcaí an t-aon dream de na Protastúnaigh a chuaigh idir dhá dtír. Sna blianta roimh Chogadh na Saoirse agus ina dhiaidh, is iomaí Protastúnach a thug aghaidh ar thíortha cosúil le Tuaisceart Éireann, an chuid eile den Ríocht Aontaithe, agus Ceanada.