An difríocht idir athruithe ar: "Na teangacha Ind-Eorpacha"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 17:
* Na [[teangacha Anatólacha]]. Bhí na teangacha seo á labhairt san Anatóil sular tháinig na [[An Tuirc|Turcaigh]] ansin. Is iad an chraobh de na teangacha Ind-Eorpacha is luaithe a bhfuil fianaise ina leith againn, nó téann a stair siar go dtí an ochtú haois déag roimh bhreith Chríost. Is í an [[Hitis]] an teanga is tábhachtaí acu seo, ach chuaigh na teangacha seo in éag fadó.
 
* Na [[teangacha Ind-Iaránacha]]. Tháinig siad go léir as an bPróta-Ind-Iaráinis. Fochraobhacha de chuid na dteangacha Ind-Iaránacha is ea iad seo:
 
** Na [[teangacha Ind-Áiríocha]]. Is í an t[[Sanscrait]] an teanga is sine acu seo a bhfuil eolas againn fúithi, ach inniu, is iad an [[Hiondúis]] agus an [[Urdais]] an dá theanga is tábhachtaí acu. Teanga eile acu seo í an [[Páilis|Pháilis]], teanga an scrioptúir naofa i mBúdachas Theireaváda.
Líne 43:
Níl sna teangacha seo thuas ach cuid de na teangacha Ind-Eorpacha a bhí ann i rith na staire agus na réamhstaire. Is léir gurb iomaí teanga san fhine seo féin a d'imigh gan rian ar bith a fhágáil ina diaidh, agus tá a fhios againn a lán acu nár fhág ach a n-ainmneacha ar annála na staire.
 
An chuid is mó de na teangacha saorga a cruthaíodh le freastal ar an gcumarsáid idirnáisiúnta, tá siad bunaithe ar theangacha Ind-Eorpacha, agus is féidir a rá gur teangacha Ind-Eorpacha iad féin. Samplaí is ea iad na teangacha [[Interlingua]], [[Occidental]], agus [[Latino sine Flexione]]. Agus ar ndóigh, tagann an chuid is mó de stór focal na teanga [[Esperanto]] as na teangacha Ind-Eorpacha.
 
=== Teangacha Satem agus teangacha Kentum ===