An difríocht idir athruithe ar: "Impireacht na Rúise"

m
no edit summary
m
m
B'é ainm oifigiúil an stáit Rúisigh ná ''Impireacht na Rúise'' ([[Rúisis]]: Российская Империя - "Rossiyskaya Imperiya") ón mbliain [[1721]] go dtí an bhliain [[1917]]. Ba í [[Cathair Pheadair]] príomhchathair na himpireachta, agus bhí an stát níos mó ná 22 mhilliún ciliméadar cearnach ar achar ag deireadh na [[19ú haois|naoú haoise déag]]. De réir dhaonáireamh na bliana [[1897]], bhí 128 milliún duine ina gcónaí sa tír. Chomh maith leis an tír atá ann inniu, bhí baint ag go leor tíortha leis an Rúis atá neamhspleách inniu, mar shampla [[an Fhionlainn]], [[an Eastóin]], [[an Liotuáin]], [[an Laitvia]], [[an Bhealarúis]], [[an Úcráin]], [[an Pholainn]], [[an Mholdóiv]], agus na tíortha Muslamacha i lár na h[[An Áise|Áise]] ar a dtugadh na Rúisigh [[an Turcastáin]].
 
Monarcacht oidhreachtúil ab ea í an Impireacht Rúiseach, agus impire nó Sár i gceannas uirthi. Bhain na hImpirí deireanacha le [[ríshliocht Romanov]]. B'í [[An Eaglais Cheartchreidmheach|Críostaíocht Cheartchreidmheach an Oirthir]] an reiligiún oifigiúil, agus b'í an [[Rúisis]] an teanga oifigiúil. Sa tréimhse sin, b'é "[[Go Soirbhí Dia don tSár]]!" (Rúisis: ''Боже, Царя храни!/Bozhe, Tsarya khrani!'') an t-amhrán náisiúnta.
 
== Stair ==
=== Caitríona Mhór ===
 
[[An Ghearmáin|Gearmánach]] ab ea í Caitríona féin, agus í ina mion-bhanphrionsa as ceann den dúrud stáitíní beaga neamhspleácha a bhí sa Ghearmáin ar na saolta sin. Más amhlaidh féin, ghlac sí a dualgaisí impiriúla as pabhar dáiríre. Rinne sí a croídhicheall le haithne a fháil roimh ré ar an tír seo ina raibh sí le gnóthaí na banríona a dhéanamh. Má bhí Peadar a Trí dall ar fad ar theanga na Rúise, ní raibh Caitríona i bhfad ag tógáil na Rúisise, agus sa deireadh, bhí deis mhaith a labhartha aici sa teanga. Deirtear go raibh Rúisis bhorb bhríomhar na cosmhuintire aici go líofa, cé go dteipfeadh an ghramadach uirthi an chorruair. Cibé scéal é, bhí na Rúisigh sásta glacadh léi mar dhuine acu féin, agus rinne sí a cuid féin de chultúr na tíre, idir shuáilcí agus dhuáilcí. Ní raibh mórán suime aici riamh ina fear céile ó thaobh an chraicinn de, agus nuair a saolaíodh mac di i ndiaidh naoi mbliana pósta sa bhliain [[1754]], is iomaí tuairim a bhí ag lucht na caidéise faoi atharthacht an linbh. Bhíothas ag cogar, fiú, gur scológ de phór na Fionlainne a chuir an síol. San am seo, bhí cuid mhór scológa ag labhairt na Fionlainnise timpeall na cathrach i gcónaí. Fíor nó bréag é, ní bhfuair Caitríona an leanbh a thógáil í féin, nó b'í Éilís a ghlac uirthi féin an obair sin a dhéanamh. Pavel, nó Pól, a baisteadh ar an mbuachaill.
 
==== Bás an Tríú Peadar ====
==== Cás Radishchev ====
 
Fear de na mionuaisle ab ea é Radishchev a d'fhoghlaim dlí i Moscó ar dtús. Ansin, chuaigh sé go dtí [[Leipzig]] sa Ghearmáin le dlaíóg mhullaigh a chur ar a chuid staidéir ar an gcoigríoch, mar ba nós do Rúisigh ardléannta a linne. D'fhill sé abhaile agus thosaigh sé ag obair ina dhlíodóir sa státseirbhís, rud a chuidigh leis aithne cheart a fháil ar iomlán na héagóra sóisialta ar fud na Rúise. Mar sin, scríobh sé leabhar - "Taisteal ó Chathair Pheadair go Moscó" - inar thug sé cur síos neamhbhalbh ar na fadhbanna agus na trioblóidí a bhí ag crá na tíre. Thairis sin, bhí sé de dhánacht i mo dhuine an tátal a bhaint as an scéal nach dtiocfadh feabhas ná biseach ar na cúrsaí ach córas an tseirfeachais a chur ar ceal agus na scológa a shaoradh ó bhráca. Réabhlóideachas lom mínáireach a bhí anseo, dar le Caitríona, agus ruaig sí Radishchev chun na Sibéire i ndiaidh an fear bocht a dhaoradh chun báis ar dtús. Tháinig Radishchev slán ó thua an bhásadóra, ach nuair a fuair sé cead filleadh abhaile ón tSibéir, i ndiaidh bhás Chaitríona, bhí a chroí briste ag an gcruatán, agus ní raibh biseach ar fáil dó, nó chuir sé lámh ina bhás féin le teann éadóchais.
 
==== "Stáidbhean na Rúise" ag cogaíocht ====
Siúd is go raibh príomhluachanna na Slavaifíleach - idir dhúchas na Rúise agus chreideamh Críostaí an Oirthir - á n-urramú i mbolscaireacht oifigiúil na hImpireachta, bhí cuid de na Slavaifíligh sáite in achrann leis an Stát. Nó bhí an Slavaifíleachas bunaithe ar chineál ainrialachas reiligiúnda, agus thug na Slavaifíligh tús áite don scológ (''muzhik'') gan scolaíocht, mar dhea-shampla i gcúrsaí an chreidimh is na moráltachta. Ó lig [[Peadar Mór]] tionchar an Iarthair isteach, ní raibh an rialtas inchomórtais leis an scológ seo a thuilleadh, a shíl siad - agus ar ndóigh, ní chuirfeadh an rialtas ná an tImpire suas leis an gcineál seo fealsúnachta a bhí ag tabhairt le fios nach raibh cead ag an Impire a thír féin a rialú mar ba mhian leis féin.
 
Faoin am seo a tháinig an chéad bhorradh ar an litríocht fosta, nó ba sna tríochaidí a scríobh nó a d'fhoilsigh file náisiúnta na Rúise, Aleksandr Pushkin, an chuid ba tábhachtaí dá shaothar. Tháinig Nikolay Gogol go tiubh sna sálaí aige, agus é ag baint stangadh as an náisiún leis an úrscéal mhór úd ''Mertvye dushi'' ("Na hAnamacha Marbha"). Tagairt is ea iad na "hanamacha" do na seirfigh, nó ba ghnách "anam" a thabhart ar aon seirfeach amháin, cosúil leis an dóigh a dtugtar "cloigeann" ar aon bhó amháin sa Ghaeilge. Is iad na "hanamacha marbha" na seirfigh a fuair bás i ndiaidh an daonáirimh dheireanaigh, ionas go bhfuil siad i gcónaí ar na rollaí mar dhaoine beo. Is é is ábhar d'úrscéal Gogol ná fear - Chichikov is sloinne dó - a bhíonn ag ceannach "anamacha marbha" den chineál seo ó na tiarnaí talún.
 
Maidir leis na gnóthaí eachtracha, chuir Nioclás cogadh ar na Peirsigh agus ar na Turcaigh, agus é ag sealbhú tailte nua don Rúis sna Sléibhte Cugasacha ([[an tSeoirsia]] agus [[an Airméin]]), chomh maith le lámh a chur i bpolaitíocht inmheánach na Tuirce. I ndiaidh na gcogaí seo, sa bhliain 1830, phléasc trioblóidí réabhlóideacha amach anseo agus ansiúd san chuid Eorpach den tír, go háirithe sa Pholainn. Ní raibh i gceist ansin ach ceannairc bheag i measc na n-ábhar oifigeach i scoil traenála an Airm, ach ós rud é go raibh na Polannaigh araiciseach chun éirí amach le dul ar lorg saoirse dá dtír, chuaigh siad ina sluaite síoraí ag cur cogaidh ar na Rúisigh. Fuair Nioclás é féin in abar ar fad ag iarraidh na saighdiúirí Polannacha a chloí. Nuair a cuireadh an t-éirí amach faoi chois, bhain Nioclás a bunreacht den tír cheannairceach, ach ó theastaigh uaidh urraim a thabhairt d'fhoirmiúlachtaí dlí, d'fhág sé féinrialtas de chineál éigin ag na Polannaigh, de réir an ghealltanais a bhí tugtha ag Alastair ag comhdháil Vín.
5,690

edits