An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Samóideacha"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
Craobh i gcrann ginealais na dteangacha Úralacha is ea iad na '''teangacha Samódacha''' nó an t'''Samóidis'''. Tá na teangacha Samódacha gaolmhar leis na teangacha Fionn-Úgracha, cosúil leis an Úngáiris, an Fhionlainnis, agus an Eastóinis, ach is fada amach an gaol é. Is iad na teangacha Samódacha agus na teangacha Fionn-Úgracha an dá phríomhchraobh san fhine Úralach. Labhraítear na teangacha Samódacha cois na [[An Fharraige Bhán|Farraige Báine]], [[Farraige Kara|Fharraige Kara]] agus [[Farraige Laptev|Fharraige Laptev]], is é sin, ar chósta thuaidh na [[an Rúis|Rúise]], timpeall na Sléibhte Úralacha.
 
Tá na teangacha Samódacha féin roinnte ina dhá bhfoghrúpa, mar atá:
Líne 7:
* An tSamóidis Theas: na teangacha [[Kamas]], [[Mator]], agus [[Selkup]].
 
Fánaithe Arctacha is ea iad na Samódaigh agus iad i dtuilleamaí a gcuid réinfhianna le haghaidh bia, beatha agus éadaí. Níl an cineál seo saoil ró-inréitithe leis an tsochaí nua-aimseartha, agus mar sin, tá cuid mhaith de na teangacha thuasluaite imithe in éag nó ag foghlaim an bháis. Is í an teanga Nenets an t-aon cheann amháin acu a bhfuil sracadh inti go fóill, agus í ó dhúchas ag beagnach tríocha míle duine. Tá na teangacha Kamas agus Mator imithe go hiomlán, chomh maith leis an teanga Yurats, agus níl ach dornán seandaoine ag labhairt Enets. Tá míle, nó cupla míle, cainteoirí ag na teangacha Nganasan agus Selkup. Is í an teanga Selkup an t-aon teanga bheo amháin i gcraobh na Samóidise Theas.
 
{{síol}}