5,696
edits
MacCambridge (plé | dréachtaí) m |
|||
| síniú = Günter Grass signature new.svg
}}
[[Scríbhneoir]] comhaimseartha ab ea
== Saol ==
Tháinig Grass chun saoil i nDanzig, áit a raibh siopa grósaera ag a mhuintir. Protastúnach Gearmánach ab ea
D'fhreastail Günter óg ar an meánscoil úd ''Conradinum''. Bhí sé míshásta leis an atmaisféar i dteach a thuismitheoirí, ó nach raibh saol na meánaicme Caitlicí ag taitneamh le mífhoighne an ógánaigh. Mar sin, chuir sé in iúl do na húdaráis mhíleata gur theastaigh uaidh dul ar fiannas i bhfomhuireán. Ní bhfuair sé a mhian, nó ar dtús, preasáladh san ''Arbeitsdienst'' é, is é sin, ina "shaighdiúir oibre" a chaithfeadh gnáthobair thógála a dhéanamh faoi shainéide agus faoi smacht míleata. I Mí na Samhna, 1944, chuaigh sé sna saighdiúirí sa deireadh, ach níorbh é an fomhuireán a bhí i gceist, ach deichiú rannán tancanna an [[SS]], "Rannán Frundsberg". Goineadh i machaire an áir é ar an 20ú lá de Mhí Aibreáin, 1945, agus cimíodh i gcampa príosúnachta de chuid na [[SAM|Meiriceánach]] é. Sna blianta a bhí le teacht, níor thrácht sé le haon duine ar an SS. Ina áit sin, b'é an scéal a bhíodh aige ná go raibh sé ina ''Flakhelfer'', is é sin, go raibh sé ina bhuachaill cúnta san airtléire frith-aerárthaí. Níor scaoil sé leis an bhfírinne ach sa bhliain 2006, nuair a tháinig a leabhar dírbheathaisnéise, ''Beim Häuten der Zwiebel'' ("Ag Baint an Chraicinn den Oinniún"), i gcló.
|
edits