An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Cugasacha"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Ethnic Groups In Caucasus Region 2009.jpg|thumb|350px|Grúpaí eitneatheangeolaíocha i réigiún na sléibhte Cugasacha]]
 
Grúpa mór ilghnéitheach de theangacha iad na '''teangacha Cugasacha''', agus iad á labhairt ag corradh is deich milliún duine i Sléibhte [[Cugas|Chugais]], ar theorainn na h[[An Eoraip|Eorpa]] agus na h[[An Áise|Áise]], idir an [[An Mhuir Dhubh|Mhuir Dhubh]] agus an [[An Mhuir Chaisp|Mhuir Chaisp]]. Ní [[fine teangacha|fine]] cheart teangacha iad na teangacha Cugasacha dáiríre, nó níl gaol gach teanga acu le chéile deimhnithe ná dearbhaithe ar aon nós, cé gur féidir a rá go bhfuil foghrúpai ann a bhfuil na teangacha iontu gaolmhar le chéile. (Mar shampla, tá gaol ag an tSeisnis agus ag an Iongúisis le chéile gan aon dabht, agus iad fiú intuigthe ag cainteoirí a chéile.) Tá an "fhine Chugasach" bunaithe ar riachtanaisí praiticiúla an taighde, nó cé nach bhfuil cuid de na teangacha seo gaolmhar le chéile, bíonn comhthréithe acu i ndiaidh na gcéadta bliain a d'imir siad tionchar ar a chéile. Mar sin, bíonn sé ciallmhar staidéar a dhéanamh ar theangacha an ghrúpa seo in éineacht nó iad a chur i gcomparáid le chéile.
 
== An tSeoirsis agus na teangacha Cugasacha Deisceartacha ==
Líne 9:
== Na Teangacha Nacha-Dhagastánacha ==
 
Foghrúpa eile de na teangacha Cugasacha is ea iad na teangacha Caspacha nó na teangacha Nacha-Dhagastánacha - na teangacha Cugasacha Oir-Thuaisceartacha. Is iad an tSeisnis agus an Iongúisis na teangacha is tábhachtaí acu seo. Teangacha eile sa chraobh seo iad an teanga Lak, an teanga Avar, an teanga Lezgi, an teanga Tabasaran, agus an teanga Dargwa. Is teangacha liteartha iad seo, ach thairis sin, tá cuid mhaith eile acu ann nach bhfuil caighdeán scríofa ar bith acu. Na páisti a labhraíonn an teanga Botlikh, mar shampla, faigheann siad a gcuid scolaíochta trí mheán na teanga Avar, arb í [[francbhéarla]] na Dagastáine í.
 
== Na [[Teangacha Pontacha]] ==