An difríocht idir athruithe ar: "Saorstát Éireann"

Content deleted Content added
m nasc a chur ar "Bunreacht na hÉireann"
mNo edit summary
Líne 22:
Is é '''Saorstát Éireann''' an stát a bunaíodh i sé chontae fichead na hÉireann i ndiaidh shíniú an [[Conradh Angla-Éireannach|Chonartha Angla-Éireannaigh]] agus a mhair go dtí gur tháinig [[Bunreacht na hÉireann]] i bhfeidhm sa bhliain 1937. Bhí rí Shasana ina cheann stáit ar an Saorstát, agus [[Seanascal Shaorstát Éireann]] ina ionadaí aige sa stát. Chaithfeadh na [[Teachta Dála|Teachtaí Dála]] móid dílseachta a mhionnú don Rí sula nglacfaidís a suíocháin sa Dáil.
 
Cé go raibh stádas an [[Tiarnais Impireacht na Breataine|Tiarnais]] ag an Saorstát, bhí níos mó saoirse aige ná ag na Tiarnais eile. Éireannach ab ea é an Seanascal, ach muintir isteach ab ea iad na Gobharnóirí Ginearálta sna tiarnais eile, fir uaisle Ghallda ón mBreatain Mhór de ghnáth. Theastaigh ó na hÉireannaigh poblacht a chur ar bun mar sin féin, agus rinne rialtas an tSaorstáit a ndicheall leis an gcuspóir sin a bhaint amach seachas cogadh nua a tharraingt anuas ar an tír. Sa bhliain 1931, d'achtaigh Parlaimint na Ríochta Aontaithe an reacht ar ar tugadh [[Reacht Westminster]], reacht a chuir ar chumas na dTiarnas éagsúil a gcuid dlíthe féin a reachtú beag beann ar an mBreatain Mhór. Ghlac lucht rialtais na hÉireann buntáiste ar an reacht seo lena mbunreacht féin a chur i bhfeidhm, [[Bunreacht na hÉireann]], sa bhliain [[1937]].