Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

m
no edit summary
=== An Réabhlóideachas Rúiseach ===
 
Thosaigh réabhlóideachas nua-aimseartha sa Rúis sa bhliain [[1823]], nuair a d'éirigh [[Éirí Amach Mhí na Nollag (An Rúis)|Lucht Mhí na Nollag]] (''Dekabristy'') amach in aghaidh na hImpireachta. Oifigigh óga airm ab ea iad na ''Dekabristy'' agus iad faoi thionchar an smaointeachais Liobrálaigh a bhí ag dul timpeall na Rúise san am sin. B'é an bunreacht scríofa an rud ba mhó a theastaigh uathu a chur i bhfeidhm sa Rúis, nó is amhlaidh gur uathlathas mínáireach ab ea í Impireacht na Rúise gan srianta ar bith le cumhacht an tSáir.
 
Rinne na hImpirí iarrachtaí áirithe le maolú ar an réabhlóideachas trí leasuithe polaitiúla. Mar shampla, cuireadh an seirfeachas ar ceal sa bhliain [[1861]]. Bhí na leasuithe ag teacht i bhfad rómhall, dar leis na réabhlóidithe, agus nuair a chaill na Rúisigh an cogadh in aghaidh na Seapánach, sa bhliain 1905, chuaigh muintir na Rúise chun cearmansaíochta ar an Impire an chéad uair. Bhain siad amach an ''[[Dúma]]'', an chéad pharlaimint Rúiseach, ach ní raibh an tImpire sásta mórán fíorchumhachtaí a bhronnadh ar an bparlaimint seo. Chaith na Feisirí an chuid ba mhó den am ag óráidíocht, agus ós rud é nach raibh a gcuid focal in ann a dhath a athrú, bhí sé chomh maith acu bolscaireacht réabhlóideach a dhéanamh ina gcuid aitheasc. Go dtí sin, choinnigh an chinsireacht an cineál sin bolscaireachta taobh amuigh den tsaol phoiblí, ach anois, b'éigean do na nuachtáin gach focal a chur i gcló. Faoi bhrú na bolscaireachta seo, chuaigh muintir na Rúise go sciobtha chun radacachais, agus níor tháinig mórán maolú ar na trioblóidí.
=== Réabhlóid na Feabhra ===
 
Sa [[An Chéad Chogadh Domhanda|Chéad Chogadh Domhanda]], ní raibh ag éirí go rómhaith leis na Rúisigh, agus thairis sin, rith an bia gann sna cathracha. Maidir le Nioclás, ní raibh sé ina Impire ró-chumasach riamh. Bhí sé go mór mór faoi thionchar a mhná céile, Alexandra, a raibh dearcadh thar a bheith frithghníomhach aici, agus, thairis sin, bhí slusaithe éagsúla ina thimpeall ag déanamh plámáis leis, agus iad ag moladh dó gan oiread is orlach a thabhairt isteach don daoscarshlua a bhí ag éileamh cearta agus saoirse. B'é [[Grigoriy Rasputin]] a bhí i gceannas ar na slusaithe seo ar fad. Bráthair siúil ón tSibéir a bhí ann nach raibh léann ar bith aige, ach bhí sé á urramú go mór mór ag bean chéile an Impire, a chreid gurbh eisean guth na fíor-chosmhuintire Rúisí sa chúirt. Sa bhliain 1916, áfach, dhúnmharaigh an Prionsa Felix Yusupov é - fear frithghníomhach, antoisceach ón eite dheas, a bhí den tuairim gur diabhal i riocht an duine ab ea é Rasputin. Nuair a bhí an eite dheas féin in ann a leithéid a dhéanamh, ba léir nach raibh mórán duine fanta sa Rúis a bheadh muiníneach as an Impire, agus, ní nárbh ionadh, chuir [[Réabhlóid na Feabhra]] an Sár ó chumhacht sa bhliain 1917.
 
=== Réabhlóid Dheireadh Fómhair ===
5,627

edits