An difríocht idir athruithe ar: "An Eabhrais"

Content deleted Content added
m "is ea" gan "é/í/iad" nuair a leanas ainmfhocal cinnte mar ainmní
mNo edit summary
Líne 19:
Is ann do scríbhinní canónta eile ins an teanga seachas an Bíobla, áfach. Is é is [[Talmud]] ann ná leabhar (nó leabharlann, agus an téagar atá ann mar "Talmud") éigse shaolta na nGiúdach, agus é níos úire ná an Bíobla. Dá réir sin, is furasta difríochtaí a thabhairt faoi deara idir Eabhrais an "Talmud" agus teanga an Bhíobla. ''Misneá'' a thugann na Giúdaigh ar an gcuid lárnach den Talmud. Go bunúsach, níl sa chuid eile den Talmud ach tráchtaireacht agus míniúcháin ar an Misneá, nó fiú tráchtaireacht ar an tráchtaireacht féin. Is í Eabhrais an Mhisneá an teanga a labhraítí sna ceithre haois thart timpeall ar bhreith Chríost. Ag an am sin bhí an [[An Aramais|Aramais]] ag teacht in áit na hEabhraise mar theanga labhartha - b'í an Aramais a bhí ó dhúchas ag [[Íosa Críost]], mar dhuine daonna - agus a sliocht le haithint ar Eabhrais an "Talmud". (Teanga Sheimíteach is ea an Aramais, agus gaol réasúnta dlúth aici, mar sin, leis an Eabhrais. Sular tháinig an Araibis i réim sa Mheán Oirthear, b'í an Aramais a bhí ina teanga comhchumarsáide idir na ciníocha uilig a chleachtaíodh teanga nó canúint Sheimíteach. Is féidir, mar shampla, teacht ar scríbhinní greanta sa teanga seo san Araib féin, agus a lorg orthu gurbh í an Araibis a bhí ó dhúchas ag lucht a scríofa.) De réir a chéile, chuaigh an Eabhrais in éag mar theanga labhartha i measc na nGiúdach, fiú sular ruaigeadh as a dtír dúchais iad. Mhair lucht an léinn ag scríobh as Eabhrais, áfach, agus chuir siad caol orthu na sean-lámhscríbhinní a chaomhnú agus a choinneáil i dtaisce.
 
Ní raibh an Eabhrais ach ina teanga scríofa léannta sna Meánaoiseanna, ach bhí ceannairí suntasacha is cultúrtha ag na Giúdaigh agus spreagadh ag teacht uathu leis an teanga a shaothrú. Duine acu siúd ab ea é Sáidia Gáón (898-942) sa Bhablóin, mar shampla. Bhí filíocht Eabhraise á scríobh ins an Spáinn go dtí gur díbríodh na Giúdaigh as an tír sin sa dara haois déag.
 
Ó dheireadh na Meánaoiseanna amach ba bheag a scríobhtaí as Eabhrais amach ó na scríbhinní cráifeacha, go dtí gur tháinig an ghluaiseacht léinn udaí ''Hascala'' ar an fhód i ndeireadh an ochtó haois déag.
Líne 63:
B'iad Ester Raab (1894-1981) agus S. Yizhar na chéad chainteoirí dúchais a chuaigh i mbun scríbhneoireachta in Iosrael féin.
 
Rugadh "S. Yizhar", nó Yizhar Smilansky sa bhliain 1916 i Rehovot na Palaistíne. Inimirceánaigh ón Rúis ab ea iad a mhuintir. Ghlac sé páirt i gCogadh Neamhspleáchais Iosrael sa bhliain 1948; bhain sé amach dintiúirí an mhúinteora agus dochtúireacht na fealsúnachta ón Ollscoil Eabhraigh chomh maith. Bíonn sé ag scríobh faoi shaol na gceannródaithe sna kibbutzanna agus ar na feirmeacha, agus is léir nach ndearna sé aon dearmad dá thaithí cogaíochta féin ach oiread ag lorg ábhair dá chuid scríbhinní. Cur síos ar na carachtairí agus grá do nádúr Iosrael is ea an dá bhua mhóra atá aige. Is é an t-úrscéal ''Laethanta Ziklag'' saothar mór éipiciúil a shaoil, agus é ag tarraingt fresco de cheannródaíocht an tSiónachais ar chanbhás leathan.
 
"Iosraelachas" ab ea é manadh S.Yizhar, nó rinne sé iarracht cur síos a dhéanamh ar nádúr is ar mhuintir Iosrael thar aon rud eile. B'éigean dó a theanga féin a chumadh is a chruthú chuige seo, agus sin le haithint ar a stíl chasta.
 
B'é spiorad comhair an mhíntíreachais crann taca na litríochta i mblianta tosaigh Iosrael. Mar shampla, rinne Moshe Shamir (1921- ) móradh is ardmholadh ar na Sábraigh - is é sin, na Giúdaigh a rugadh in Iosrael agus an Eabhrais ó dhúchas acu - ina chuid leabhar a bhfuil blas na léitheoireachta éadroime orthu, nó is scéinséirí iad go bunúsach. Ba ghnách leis a íomhá féin den tSábrach a chur i gcomparáid lena shamhail den Aisceanásach (is iad lucht labhartha na Giúdaise ó Oirthear na hEorpa na hAisceanásaigh): is é an Sábrach fear láidir an ghnímh, agus é ag cur rudaí i gcrích nuair nach bhfuil an tAisceanásach ach ag domhain-smaointeoireacht is ag glagaireacht agus pus nó lionndubh air. B'é an Sábrach an Giúdach úr cumhachtach, b'eisean todhchaí na nGiúdach, nuair nach raibh ins na hAisceanásaigh ach iarsmaí an gheiteo is fuíoll na géarleanúna. Is féidir a léamh air seo go raibh coimhlintí áithride sainleasa ag éirí idir lucht na hinimirce (aliya) agus na Sábraigh ag an am.