An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh Cathartha na Stát Aontaithe"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 17:
|}}
 
[[Cogadh]] ab ea é '''Cogadh Cathartha na Stát Aontaithe''' ([[1861]] - [[1865]]) a cuireadh taobh istigh de [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]]. Is gnách "an Tuaisceart" agus "an Deisceart" a thabhairt ar dhá thaobh an chogaidh, sin nó "an tAontas" agus "an Chónaidhm". Is é is bunús leis na hainmneacha seo ná gurbh iad na 23 stát ar thaobh an Tuaiscirt na cinn a chloígh le bunreacht na Stát Aontaithe, agus gur scar an t-aon stát déag eile ón Aontas seo sna blianta [[1860]]-[[1861]] le poblacht fheidearálach nua, mar atá, "Stáit Chónaidhmthe Mheiriceá" nó an Chónaidhm a fhógairt in éineacht.
 
Mar is dual do na cogaí cathartha, rinne an cogadh seo an-sléacht ar na Meiriceánaigh ar an dá thaobh, agus ghoin sé an tír go tromchúiseach. Fuair níos mó daoine bás sa chogadh seo ná in aon chogadh eile inar ghlac SAM páirt. B'é [[Jefferson Davis]] a bhí i gceannas ar an gCónaidhm, agus [[Abraham Lincoln]] ina [[Uachtarán na Stát Aontaithe|Uachtarán]] ar an Tuaisceart.
Líne 25:
 
== Tús an chogaidh ==
Thosaigh na cathanna ar an [[12 Aibreán]] [[1861]] ag [[Fort Sumter]], dún cogaidh de chuid an Rialtais (sa choimhthéacs seo, is ionann an Rialtas agus an Tuaisceart) a bhí suite in aice le [[Charleston]] i g[[Carolina Theas]]. Neascóid ar bhrollach an Deiscirt ab ea é an dún sin, agus mar sin, thosaigh siad á bhombardú le sliogáin airtléire le saighdiúirí an Tuaiscirt a ruaigeadh as. D'éirigh leo an dún a shealbhú gan an iomarca fola a dhoirteadh, ach ina dhiaidh sin, bhí ina chogadh idir an dá thaobh.
 
I rith an chéad bhliain chogaidh, chuaigh an tAontas i seilbh na stát "idir eatarthu" - [[Delaware]], [[Kentucky]], [[Maryland]], [[Missouri]], agus [[Virginia Thiar]]. Thairis sin, cuireadh imshuí cabhlaigh i bhfeidhm timpeall na stát Deisceartacha le féachaint chuige nach bhfaighidís tráchtearraí ná lón cogaidh ón gcoigríoch. San am céanna, bhí an dá thaobh ag earcú agus ag druileáil sluaite síoraí de shaighdiúirí. Níor thosaigh na cathanna móra ach sa bhliain [[1862]]. Bhí an bás ag siúl ar na saighdiúirí go gránna, ó nach raibh na harmálacha nua ag teacht leis na seanchleasanna oirbheartaíochta. I Mí Mheán Fómhair na bliana 1862, d'eisigh Lincoln an Forógra um Shaoradh ó Bhráca, rud a chiallaigh go raibh sé meáite ar a saoirse a thabhairt do na Gormaigh sa Deisceart, mar cheann de chuspóirí an chogaidh. Bhí freasúra an Tuaiscirt, na "Cloigne Copair" (''the Copperheads'') an-mhíshásta leis an Saoradh ó Bhráca, ó bhí siadsan den bharúil nárbh fhiú don Tuaisceart an daoirse a chur de dhroim an tsaoil ná na stáit aonair a dhiúltú faoi cheart na scarúna. Nuair a bhí an Saoradh ó Bhráca foilsithe, bhí sé ní b'éadóchúla go gcuirfeadh Sasana agus [[an Fhrainc]] ladar sa chogadh le cuidiú leis an Deisceart. Bhí na stáit idir eatarthu agus an chuid den [[Páirtí Daonlathach (Stáit Aontaithe)|Pháirtí Dhaonlathach]] a bhí ag tacú leis an gcogadh sásta glacadh leis an saoradh ó bhráca mar chuid den chogaíocht uileghabhálach a bhí de dhíth leis an Aontas a shábháil.
Líne 38:
 
== Toradh ==
I ndiaidh an chogaidh, thosaigh "Ré na hAtógála" ([[Béarla]]: ''Reconstruction''). Cuireadh cumhacht an Aontais i bhfeidhm ar an Deisceart arís, fiú ar dhóigheanna nár thaitin le muintir an Deiscirt ar aon nós. Mar sin, cnámh spairne í an Atógáil inniu féin. Rinne an cogadh an-dochar do na Stáit Aontaithe, nó fuair timpeall is 970,000 duine - nó 3 % den daonra - bás. Saighdiúirí ab ea iad beirt as gach triúr a básaíodh, agus galar éigin ba thrúig bháis do bheirt as gach triúr saighdiúirí a cailleadh. Rinne an cogadh seo éirleach níos mó ar mhuintir na Stát Aontaithe ná na cogaí eile dár chuir siad, fiú má chuirtear taismigh na gcogaí sin le chéile. Inniu féin, is ábhar conspóide é an cogadh féin, na cúiseanna a luaitear leis agus, fiú, na hainmneacha a thugtar air.
 
== Féach freisin ==