An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh na Saoirse (Éire)"
Content deleted Content added
MacCambridge (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
|||
Líne 53:
Nuair a bhí Constáblacht Ríoga na hÉireann ag titim as a chéile, cuireadh fórsaí cúltaca chucu mar chuidiú - na [[Dúchrónaigh]] agus na [[Póilíní Cúnta]]. Ba iar-shaighdiúirí Gallda iad na Dúchrónaigh ó aimsir an chéad chogadh domhanda, fir a chaith seal i ndiaidh seala sna trinsí i rith an chogaidh. Tugadh an t-ainm sin orthu mar gheall ar dhath a n-éide, nó bhí sórt éide thobchumtha orthu nach raibh cosúil le sainéide an tsaighdiúra ná an phóilín. 7,000 fear a bhí ann. Bhí aithne orthu mar shlua míthrócaireach, fuilteach agus rinne siad go leor damáiste d'íomhá an rialtais Bhriotanaigh in Éirinn. Mar sin féin, níor spáráil [[Winston Churchill]] na focail mholta orthu ar aon nós, agus é den tuairim gurbh iad togha agus rogha fear na Breataine Móire iad.
Níorbh é sin an cineál aithne a fuair na hÉireannaigh ar na Dúchrónaigh, áfach. Go bunúsach, ní raibh oiliúint cheart póilíníochta orthu ar aon nós, ná aon duine i gceannas orthu a mbeadh fios a ghnó aige. Mar sin, chaith siad an chuid ba mhó den am ag ionsaí sibhialtaigh, ag cur tithe trí thine, ag marú rompu agus ag déanamh loitiméireachta. Ó bhí sé áitithe orthu gurbh í an Ghaeilge teanga na sceimhlitheoirí, agus gur eagraíocht de chuid na sceimhlitheoirí ab ea
Ba iar-oifigigh ó [[Arm na Breataine]] iad na Póilíní Cúnta nó ''Auxiliaries'' as Béarla. Bhí 1,700 fear acu ag obair in Éirinn, agus cuireadh isteach iad i ndiaidh chliseadh na nDúchrónach an tIRA a chur faoi smacht. Bhí siad lán chomh cruálach leis na Dúchrónaigh, ach má bhí féin, bhí siad ag cruthú ábhairín níos fearr ná iad siúd ag teacht chun teagmhála leis na hÓglaigh agus ag cur catha orthu. Bhí an rialtas Briotanach sásta cead a gcos a fhágáil ag na fórsaí speisialta seo, siúd is gur ghnách leis an lucht rialtais sa Bhreatain Mhór séanadh go rabhthas ag iarraidh díoltas a imirt ar mhuintir na hÉireann - ''nílim ag iarraidh sásamh a bhaint astu, ach mura bhfuil féin, tá sé ag éirí linn damanta maith'', mar a dúirt an Tiarna [[Hugh Cecil]]. I Mí Eanáir den bhliain 1921, chaith na Gaill uathu an cur i gcéill, agus thosaigh an "díoltas oifigiúil" nuair a dódh seacht dteach i [[Mainistir na Corann]], Co. Chorcaí.
Líne 61:
== Contae Chorcaí ar Bharr Lasrach ==
Taobh amuigh de [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]], b'i g[[Contae Chorcaí]] ba mhó a bhí an cath á chur. Ansin a baineadh an chéad triail as cuid mhaith de na drochnósanna cogaíochta a chuir na Gaill i bhfeidhm ina dhiaidh sin, cosúil leis an loitiméireacht mar dhíoltas as ionsaithe de chuid na nÓglach, nó le feallmharú na bPoblachtánach mór le rá. I Mí na Samhna, 1919, chuir fórsaí na Corónach lár chathair Chorcaí trí thine, agus iad ag stopadh na bhfear dóiteáin ón tine a mhúchadh. I Mí na Márta, 1920, mharaigh fir a raibh dath dubh curtha ar a n-aghaidheanna [[Tomás Mac Cuirtín]], Ard-Mhéara Chathair Chorcaí, os comhair shúile a mhná céile, siocair is gur ball de [[Sinn Féin|Shinn Féin]] ab ea
B'i gCorcaigh a tháinig na chéad Cholúin Reatha ar an bhfód, leis. Is é an rud a bhí i gceist le Colún Reatha ná díorma armtha agus thart ar chéad fear ann, agus iad in ann na Gaill a ionsaí ón eadarnaí agus a n-éalú a dhéanamh sula raibh d'uain ag an namhaid teacht ar a lorg, nó fir de mhuintir na háite a bhíodh iontu agus aithne acu ar an tír-raon agus ar an timpeallacht.
Líne 85:
== Cogadh na Bolscaireachta ==
Ócáid mhór bolscaireachta ab ea
Bhí na sagairt Chaitliceacha, nó an chuid ab fheiceálaí acu, - bhí siad ag lochtú mhí-úsáid na láimhe láidre ar an dá thaobh. Má bhí féin, b'iad na hÓglaigh a fuair an chuid ba mheasa den íde bhéil, nó bhí sé i ndúchas agus i dtraidisiún na hEaglaise Caitlicí Poblachtánachas na láimhe láidre a dhamnú. Is é an rud a dúirt Easpag na [[Mainistir na Coille Móire|Coille Móire]], an Dochtúir Finnegan: ''Ní féidir a rá go bhfuil cúis uasal le haon chogadh, ach dóchas ceart a bheith as an mbua, agus bunús maith leis an dóchas sin. Cén dóchas a bheadh ag aon duine as bua a bhreith ar chumhachtaí dochuimsitheacha na h[[Impireacht na Breataine|Impireachta]]? Diabhal an drae dóchas, muis; agus ós cogadh gan chúis dhlíthiúil atá ann, an té a mharóidh duine eile sa chogadh seo, níl ach gnáth-dhúnmharú déanta aige.'' Bhí an port céanna ag Ard Easpag [[Tuama|Thuama]], an Dochtúir Mac Giolla Mháirtín, agus é den bharúil ''go raibh síocháin Dé briste'' acu siúd a ghlac páirt sna hionsaithe eadarnaíocha ar na Sasanaigh: ''tá siad ciontach sa dúnmharú''. Mar sin féin, bhí an Pápa [[Beinidict a Cúig Déag]] den bharúil, sa litir a chuir sé chuig rialtas Shasana, ná gur chóir do lucht an dá thaobh breith ar a stuaim agus comhréiteach éigin a oibriú amach. Is é an rud a bhí ag teastáil ó na Sasanaigh ná go ndamnódh an Pápa na hÓglaigh, agus anois, bhí an-fhearg orthu go gcuirfeadh an Pápa rialtas ríoga na Breataine Móire ar aon leibhéal leis na "dúnmharfóirí" Éireannacha.
|