An difríocht idir athruithe ar: "An Araibis"

No change in size ,  2 bhliain ó shin
m
no edit summary
m
m
== Fréamhacha na hAraibise ==
 
Cibé faoin ngaol atá ag an Araibis leis na teangacha Seimíteacha eile, tá muid sách eolach ar an Araibis féin. Rinneadh an chéad trácht ar na hArabaigh riamh in annalacha na hAisíre ocht gcéad go leith de bhlianta roimh bhreith Chríost. Rinne an Rí Salmanassar a Trí tagairt don chath a chuir sé ar ghinearál arbh ainm dó ''Gindibu'', agus é ina thaoiseach ar an treibh úd ''Arbi''. Is féidir, áfach, nach raibh de chiall leis an fhocal áirithe seo ar dtús ach "fánaí", duine den lucht fáin a bhí ag dul thart timpeall ar fud Leithinis na hAraibe. Fánaithe ab ea iad na hArabaigh ceart go leor, go dtí gur cumadh cineál nua diallaite a chuir ar a gcumas marcaíocht cheart a dhéanamh, in áit na seansrathrach nach dtiocfadh ach earraí a luchtú uirthi. Chuir an diallait an-luas leis an bhfánaíocht, i gcruth is gur tháinig treibheacha éagsúla le chéile, rud a chuidigh leo focail is foirmeacha a ghlacadh isteach ó chanúintí eile agus cineál caighdeán nó comh-chanúint a chruthú ina measc féin. Deirtear gur ''beidiúnaíodh'' cultúr agus teanga na nArabach, agus as an mbeidiúnú seo a fáisceadh an Araibis mar theanga chlasaiceach nó réamhchlasaiceach.
 
Tá focail agus ainmneacha Araibise le fáil in áiteanna éagsúla roimh lá Mhuhamad in inscríbhinní - cuid acu, tá siad scríofa le litreacha na hAraibise Theas; an chuid eile acu, Aramais atá iontu, diomaite de na hainmneacha pearsanta a bhaineann leis an Araibis.
An stíl a tháinig ar an saol anois, is féidir í a chur i gcomparáid leis an mBarócachas - ''badi´'' an téarma Araibise. Filíocht ardealaíonta is ea an fhilíocht ''badi´'', agus í ag éirí cineál féintagarthach go géar gasta, ag cur níos mó béime ar an maisiúlacht agus ar na tagairtí liteartha: chaithfeadh gach aon fhile a léiriú go raibh sé eolach ar an traidisiún agus ar shaothar na bhfilí a tháinig roimhe féin. Bhí na filí á dtuirsiú féin leis na mílte meafar, pearsanuithe, paradacsaí agus cleasanna eile, agus na dánta ag éirí doléite ar fad. D'fhéadfá a rá gur chuir an file gairmiúil ardléannta ruaigeadh ar an éigeas tíre agus ar an bhfile pobail.
 
Baineann an fhilíocht ''badi´'' leis an naoú haois. Bhodhraigh sí cluasa na héisteoirí faoi dheoidh, agus d'fhill na filí nua ar an bhfilíocht "nádúrtha", nuachlasaiceach i ndeireadh na haoise céanna. Mar sin féin, níor ligeadh an fhilíocht ''badi´'' i ndearmad go hiomlán. Tréimhse taighde, turgnaimh agus tástála ab ea í tréimhse na ndánta ''badi´'', tréimhse a mhúin go leor cleasanna úra do na filí - ach iad a úsáid go spárálach cúramach.
 
==== Prós na hAraibise - adab agus maqama ====
 
Maidir le prós na hAraibise, ní raibh sé leath chomh forbartha leis an bhfilíocht chlasaiceach. Díolamaí de scéilíní magaidh ó bhéal an phobail ab ea iad na chéad leabhair phróis sa teanga, nó rudaí a dtugtar ''adab'' orthu: is é an cineál leabhar atá ann ná bolg soláthair, nó lón léitheoireachta don dalta óg atá ag tógáil léinn ar scoil. Is geall le téacsleabhair scoile iad na díolamaí ''adab'' go minic. Is iomaí téacsleabhar focleolaíochta nach furasta a aithint thar dhíolaim ''adab''. B'as na díolamaí ''adab'' a d'fhás na ciclipéidí Araibise, sa deichiú haois ach go h-áithrid.
 
Faoin mbliain 1000 a tháinig an ''maqama'' i gcrann, agus b'as an bPeirs a fuarthas an chéad spreagadh chun an chineál seo scríbhneoireachta a chleachtadh, ní nach ionadh. Scéal magúil is ea ''maqama'' agus é suite i saol na mbocht is na nocht sa chathair, nó i saol na n-oilithreach amuigh sna tíortha cúil. Bíonn na scéalta seo ag cur síos ar chleasanna na ndoilfeoirí agus ar reitric na reacairí i bpanc aonaigh, agus iad ag cur dallamullóg ar dhaoine macánta beag beann ar an dlí.
==== Tús na Litríochta Nua-Aoisí: Na hÚrscéalaithe Críostaí ón Liobáin ====
 
Lárionad eile ab ea í [[Beirut]] sa [[an Liobáin|Liobáin]]. Ós rud é go bhfuil an creideamh Críostaí sách coitianta i measc mhuintir dhúchasach na tíre sin, bhí intleachtóirí na Liobáine ní b'oscailte do thionchar an Iarthair ná an chuid eile de na hArabaigh. Scríbhneoirí Críostaí ón Liobáin a chuir tús le traidisiún na húrscéalaíochta Araibise, mar sin.
 
B'é Júirjí (nó Seoirse) Zaigheadán an chéad duine acu seo. Ar nós go leor intleachtóirí eile, d'aistrigh sé ón Liobáin go dtí an Éigipt chun leas a bhaint as an meon agus as an atmaisféar caoinfhulangthach a bhí cruthaithe thall ansin ag athbheochan Mhuhamad Ailí. (Is gá a chuimhneamh nach daoine comhaimseartha a bhí iontu; nó rugadh Zaigheadán sa bhliain 1861, agus Ailí trí bliana déag ag iompar na bhfód cheana féin.) Scríobhadh Zaigheadán úrscéalta stairiúla. Siúd is nach bhfuil mórán fiúntais iontu do léitheoirí an lae inniu, agus an dóigh ar chum sé iad go géar gasta ceann i ndiaidh a chéile gan mórán marana a dhéanamh ar an tslacht ná ar an tsnoiteacht liteartha, bhí an-ghal orthu ag lucht comhaimsire an údair. Thug Zaigheadán spreagadh do scoil iomlán úrscéalaithe.
==== Filí an Nua-Chlasaiceachais ====
 
Faoin am céanna, bhí filí an nua-Chlasaiceachais ar nós Ahmad Seabhaqaí ón Éigipt agus an tIarácach Ma'ruf al Rúsaifí ag filleadh siar go bun ar thraidisiún na seanfhilíochta. Náisiúnaí Arabach ab ea é Seabhaqaí, ach b'fhearr le Rúsaifí éagóir na sochaí a lochtú ina chuid scríbhinní. Ina dhiaidh sin, tháinig an nua-aoiseachas féin isteach, nuair a bhunaigh Ahmad Zaicí Abú Seaidí Cumann Apolló san Éigipt sna tríochaidí.
 
==== Adonis ====
==== Emil Habibi ====
 
Scríbhneoir tábhachtach eile ab ea é Emil Habibi a fuair bás sa bhliain 1996. Palaistíneach a bhí ann a ghlac le saoránacht Iosrael, rud a d'fhág go rabh meas an tréigtheora is an fhealltóra ag cuid mhór dá mhuintir féin air. Is cosúil go raibh sé inbharúla gurbh fhearr do na Palaistínigh fanacht ar a dtír dhúchais, agus d'iarr sé go scriofaí ar a thuama na focail "A d'fhan i Haifa". Cibé scéal é, chaith Habibi fiche bliain ina Fheisire i bparlaimint Iosrael, ''knesset'', agus é ina bhall de Pháirtí Chumannach Iosrael, arbh é an t-aon pháirtí amháin a thug ionadaíocht do na Palaistínigh a fágadh laistigh de theorainneacha Iosrael agus a throid ar son a gcearta. Is é an t-úrscéal faoin "duarcán dea-dhóchasach" úd Sa'íd Abú al Nahs ba mhó a thabhaigh clú agus cáil do Habibi. Úrscéal greanntraigéideach faoi ghéarchéim Phalaistínigh Iosrael atá ann. ''The Pess-Optimist'' a thug an t-aistritheoir Béarla ar an leabhar, - ''Na hEachtraí Aisteacha Maidir le Ceal Sa'íd Abú al Nahs, An Duarcán Dea-dhóchasach'' an teideal Araibise. Focal nuachumtha é "mutashá'il" an teidil araibise, meascán de "mutashámil" le brí "duarcán" agus "mutafá'il" le brí "dea-dhóchasach"; ciallaíonn an réamhainm araibise Sa`íd "áthasach" agus Abú al-Nahs "athair an mhí-áidh". Léiríonn an scéal cruachás an Phalaistínigh atá ina eachtrannach ina thír féin tar éis bhunú stát Iosrael.
 
==== Litríocht na mBan ====
5,666

edits