An difríocht idir athruithe ar: "Seosamh Mac Grianna"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 16:
| líonláithreán =
}}
[[Scríbhneoir]] [[Gaeilge]] ó [[Rinn na Feirste]] s[[na Rosa]] i n[[An Ghaeltacht|Gaeltacht]] Thír Chonaill ab ea é '''Seosamh Mac Grianna''' ([[1901]]-[[1990]]). Áirítear ar chlasaicigh nua-aimseartha na [[Litríocht na Gaeilge|litríochta Gaeilge]] é.
 
== Saol ==
Deartháir do [[Séamus Ó Grianna|Shéamus Ó Grianna]] ab ea é Seosamh, nó ''Joe Fheidhlimí Dhónaill Phroinsiais'', mar a thugadh muintir Rinn na Feirste air. Éan corr a bhí ann ó thús, mar Sheosamh, agus ní dheachaigh sé riamh ag obair ar an Lagán ná go hAlbain, mar ba dual d'aos óg Thír Chonaill a dhéanamh. Ghlac sé páirt sa Chogadh Cathartha in éineacht lena dheartháir, agus chaith an bheirt acu an bhliain go leith roimh dheireadh an chogaidh imtheorannaithe ag an Saorstát.
 
Chaith Seosamh a sheal féin ag [[Aistriúchán|aistritheoireacht]] don [[An Gúm|Ghúm]], agus déanta na fírinne rinne sé a lán aistriúchán a thabhaigh clú is cáil dó, go háirithe an Ghaeilge a chuir sé ar ''Ivanhoe'' le [[Walter Scott]]. Mar sin féin, bhí sé míshásta leis an bpá a fuair sé ón nGúm, agus níos míshásta fós leis an dóigh ar chaith an Gúm lena chuid bunscríbhinní. Siúd is go raibh an t-[[úrscéal]] ''An Druma Mór'' críochnaithe aige sna [[1930idí|tríochaidí]], níor tháinig sé i gcló roimh na [[1960idí|seascaidí]].
Líne 33:
=== A Chuid Aistí ===
 
Is í an aiste is mó le rá dár scríobh Seosamh ná ''[[Pádraic Ó Conaire]]''. Dealraíonn sé go raibh sé meáite ar cheird an scríbhneora a tharraingt air féin ó bhí sé an-óg, ach níor thuig sé go bhféadfadh sé an cheird sin a chleachtadh trí mheán na Gaeilge sular léigh sé an chéad leabhar le hÓ Conaire. Rinne sé an-chomhionannú le Pádraic mar dhuine agus mar dheoraí, nó shíl sé gur éanacha corra den chineál céanna ab ea iad an bheirt acu. Is amhlaidh go raibh coimhthíos ar Sheosamh riamh roimh shaol na Gaeltachta féin, ach nuair a fuair sé aithne ar scríbhneoireacht Uí Chonaire, chonacthas dó nach raibh sé ina aonar a thuilleadh le mothúcháin den tsórt áirithe sin.
 
Is iad sean-fhilí Chúige Uladh is mó atá á gcardáil sna haistí eile, idir shaol agus shaothar. Bhí Seosamh riamh míshásta leis an dearcadh díspeagúil ar fhilí Uladh a léirigh [[Dónall Ó Corcora]] ina leabhar údarásúil ''The Hidden Ireland'', agus theastaigh uaidh a thaispeáint nach raibh aon chaill orthu i gcomparáid le filí na gcúigí eile. Bhí sé eolach ar shaol agus ar shaothar na bhfilí ón mbéaloideas, agus é ag trácht orthu mar a bheadh aithne phearsanta aige orthu. Ní dhearna sé plán mín de dhuáilcí daonna pearsanta na bhfilí ach an oiread, a mhalairt ar fad bhí sé in ann tagairt ghreannmhar a dhéanamh dóibh uaireanta.