An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh Cathartha na hÉireann"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 28:
 
[[Íomhá:Michael Collins 1922.jpg|thumb|left|upright|Mícheál Ó Coileáin, ceannaire na Saorstátairí. Nuair a shínigh sé an Conradh, dúirt sé go raibh barántas a bháis féin sínithe aige. Tháinig an tairngreacht seo isteach fíor nuair a feallmharaíodh i m[[Béal na mBláth]] é.]]
Mar sin, bhí cuid de na hÓglaigh agus de na náisiúnaithe eile den bharúil gur feillbheart ab ea é síniú an Chonartha. Nuair a d'fhill toscaireacht na síochána abhaile ó Shasana, rinneadh iarracht iad a fhuadach nó a ionsaí.
 
Chomh maith leis sin, ámh, is féidir go raibh ceannairí na nGael ag iompairc le chéile ar chúiseanna cumhachta. Roimh an sos cogaidh, bhí [[Eamon de Valera]] agus [[Lloyd George]] i dteagmháil le chéile ag caibidil ceist na síochána gan stádas na Poblachta neamhspleáiche a lua le hÉirinn. Ina dhiaidh sin, nuair a bhí sé in am an Conradh a phlé, ní dheachaigh de Valera go [[Londain]]; ina ionad, b'é [[Mícheál Ó Coileáin]] a chuaigh ansin. Ceaptar go raibh de Valera in éad leis an gCoileánach agus go raibh a fhios aige nach mbeadh aon duine in ann an Phoblacht a bhaint amach ó Lloyd George. Mar sin, chreid sé go gcaillfeadh an Coileánach a chuid tacaíochta, nuair a d'fhillfeadh sé abhaile i ndiaidh comhréiteach de chineál éigin a shocrú nach mbeadh inghlactha ag muintir na hÉireann. Deirtear go raibh [[Cathal Brugha]] ag tacú leis an bplean seo fosta. Is éadócha, áfach, go mbeadh de Valera agus Brugha d'aon ogham ag iarraidh cogadh cathartha a tharraingt anuas ar an tír.
Líne 107:
Sa deireadh thiar, cuireadh seachtar Poblachtánach déag is trí scór chun báis ar an dóigh seo. De ghnáth, b'iad na cúirteanna airm a ghearr na pionóis bháis seo, agus ba leor duit a bheith i seilbh arm tine le tú a chur chun báis. An chuid ba mhó de na daoine a básaíodh, bhí siad á gcoinneáil i mbraighdeanas i g[[Cill Mhaighneáin]] nó i [[Muinseó]] i mBaile Átha Cliath, ach cuireadh an chorrdhuine chun báis in áiteanna eile sa tír, i d[[Trá Lí]] mar shampla. Sheachain [[Earnán Ó Máille]] scuad an lámhaigh, ó bhí sé gonta go dona nuair a cimíodh é, agus shíl na Státairí nach raibh cuid a dhaortha ná cuid a lámhaigh fágtha san fhear bocht. Níor básaíodh Liam Ó Déasaigh, ach an oiread, nó bhí sé sásta forógra a shíniú ina raibh sé ag éileamh ar na frith-Chonraitheoirí na hairm a dhumpáil agus iad féin a ghéilleadh d'fhórsaí an tSaorstáit.
 
Amach ó na básuithe oifigiúla, dúnmharaíodh cuid mhaith daoine go mídhlíthiúil, go háirithe i gCiarraí. Shiúil an bás ar na frith-Chonraitheoirí go háirithe i Mí na Márta sa bhliain [[1923]]. B'é an t-eachtra ba bhrúidiúla a tharla ansin ná an dóigh ar cuireadh ceangal na gcúig gcaol ar naonúr Poblachtánach timpeall ar mhianach talún. Maidhmeadh an pléascán agus cuireadh críoch ar an obair le meaisínghunna. Iontas na n-iontas, fágadh fear amháin acu beo ina dhiaidh sin féin, agus siúd is go bhfuair sé íde uafásach, d'éirigh leis a éalú a dhéanamh ón áit sular tháinig na hadhlacóirí. Díoltas ab ea é an t-ainghníomh seo as an m[[bobghaiste]] a mharaigh cúigear Saorstátairí roimhe sin.
 
Níorbh é seo an t-aon eachtra amháin dá chineál féin é, nó pléascadh cúigear cimí Poblachtánacha in aice le [[Cill Áirne]] agus ceathrar eile i g[[Cathair Shaidhbhín]]. B'é [[Pádraig Ó Dálaigh]], ceannfort Ghardaí Átha Cliath, a bhí freagrach as na huafáis seo, ach is é an insint a chuir sé féin ar an scéal ná gur maraíodh na cimí nuair a bhí siad ag baint an dochair de phléascáin talún de chuid na bPoblachtánach. Thacaigh an Ginearál Ó Maolchatha leis an ráiteas seo, agus bhí sé oifigiúil go ceann i bhfad, go dtí gur tháinig an fhírinne chun solais.
Líne 119:
=== Dílseoirí á n-ionsaí ===
 
Fág is gurb é an Conradh ba trúig don chogadh ar dtús, bhí sé de chlaontacht sna frith-Chonraitheoirí an chúis a chomhionannú le cúis na mbocht is na nocht. Mar sin, d'ionsaigh siad úinéirí saibhre talún ar Phrotastúnaigh iad, agus ar ndóigh, ní raibh na feirmeoirí beaga sábháilte ach an oiread, má bhí an creideamh mícheart acu, nó má thaobhaigh siad leis an dream mícheart. Is iomaí duine acu seo a thacaigh leis na Sasanaigh nuair a bhí [[Cogadh na Saoirse (Éire)|Cogadh na Saoirse]] á chur, ach bhí daoine ina measc nár thacaigh, freisin. Mar sin, bhí blas den tseicteachas ag baint le hionsaithe den chineál seo, siúd is nach raibh mórán luiteamais ag na frith-Chonraitheoirí le [[Caitlicigh]] ach an oiread, más [[dílseoir]] a bhí ann - is é sin, duine a thacaigh leis na Sasanaigh le linn an chéad chogadh. D'fhéach rialtas an tSaorstáit leis na Protastúnaigh a chosaint ar na hionsaithe seo, agus cuireadh constáblacht ar leith ar bun i g[[Contae Lú]] ar an séala seo. Ábhar conspóide is ea iad i gcónaí na hionsaithe [[Seicteachas|seicteacha]] a rinneadh ar na Protastúnaigh le linn na h[[ainriail|ainrialach]] i ndiaidh an Chogaidh Chathartha.
 
== Torthaí ==
Líne 138:
I ndiaidh an chogaidh, bhí Eamon de Valera i bhfad ag iarraidh áitiú ar na frith-Chonraitheoirí i Sinn Féin glacadh leis an Saorstát mar uirlis pholaitiúil a bhféadfaí leas a bhaint aisti le saoirse iomlán a bhaint amach d'Éirinn. Nuair nach raibh formhór an pháirtí sásta leis an smaoineamh seo, thréig de Valera Sinn Féin in éineacht le lucht a leanúna, Proinsias Mac Aodhagáin ina measc, agus bhunaigh siad páirtí Poblachtánach nua, Fianna Fáil - páirtí a bhí "beagáinín bunreachtúil" nó "cineál bunreachtúil", mar a dúirt de Valera féin (''slightly constitutional'' an bunleagan [[Béarla]]). Níor fágadh mórán de Shinn Féin ann, mar pháirtí. Bhí an tIRA i bhfad ní ba mhó agus ní ba láidre ná riamh, agus ar feadh tamaill, ba nós leis na hÓglaigh Phoblachtánacha meas "a bpáirtí féin" a bheith acu ar Fhianna Fáil, go dtí gur chuir de Valera cosc ar an bPoblachtánachas míleata sa bhliain [[1936]].
 
Mar is dual do gach cogadh cathartha, d'fhág Cogadh na gCarad in Éirinn goimh fhadsaolach ina dhiaidh, agus má tháinig cneasú thar an ngoimh sin, ní leigheas iomlán a bhí ann. Inniu féin, is iad Fianna Fáil agus Fine Gael an dá pháirtí is cumhachtaí sa tír, is é sin, an dá pháirtí a sheasann do dhá thaobh an chogaidh seo. Go dtí na seachtóidí, ní raibh polaiteoir sinsearach le fáil in Éirinn nach mbeadh ina chrannlaoch de chuid an Chogaidh Chathartha, rud a d'fhág cuid mhaith drochfhola idir an dá pháirtí is mó. Seansaighdiúirí de chuid na bPoblachtánach ab ea iad Éamon de Valera, Proinsias Mac Aodhagáin, [[Críostóir Stiofán Mac Aindreasa]], agus Seán Lemass, agus ba Saorstátairí iad Liam Tomás Mac Cosgair, Risteard Ó Maolchatha, agus Caoimhín Ó hUiginn. Thairis sin, chuaigh cuid mhór de shliocht na bhfear seo agus de shliocht a sleachta leis an bpolaitíocht, rud a choinnigh an tseanghoimh beo. Sna tríochaidí, i ndiaidh d'Fhianna Fáil na toghcháin a bhaint an chéad uair, bhí an chuma ar an scéal ar feadh tamaill go raibh an cogadh cathartha le pléascadh amach arís, agus na [[Léinte Gorma]], eagraíocht armtha de chuid na Saorstátairí, ag siúl na sráideanna. Ar ámharaí an tsaoil, maolaíodh ar an ngéarchéim de réir a chéile. Nuair a tháinig na caogaidí, bhí sé sábháilte a rá gur fhág an gunna an pholaitíocht ar an taobh theas den [[An Teorainn|teorainn]].
 
== Tagairtí ==