An difríocht idir athruithe ar: "Constance Gore-Booth Markiewicz"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 35:
|}}
 
Polaiteoir, náisiúnaí agus réabhlóidí [[Éire]]annach ab ea í '''Constance Gore-Booth''', níos deireanaí an ''Chuntaois Constance Markievicz'' ([[4 Feabhra]] [[1868]] [[Londain]] – [[15 Iúil]] [[1927]] [[Baile Átha Cliath]]). "An Chuntaois Dhearg" a thugtaí uirthi mar gheall ar a cuid tuairimí [[Sóisialachas|sóisialacha]]. Áirítear ar laochra náisiúnta na hÉireann í. Is é "Markie'''v'''icz" gnáthlitriú a sloinne a úsáidtear in [[Éire|Éirinn]] sa lá atá inniu ann, ach is é an litriú a úsáidtear sa [[Polainnis|Pholainnis]] ná "Markie'''w'''icz", nó is mar v an Bhéarla a fhuaimnítear w na Polainnise. Nuair a scríobhadh an chéad bheathaisnéis Polainnise fúithi, ba é an leagan a d'úsáid an t-údar ná ''Konstancja Markiewiczowa''.
 
== Laethanta a hÓige ==
Saolaíodh Constance Georgine Gore-Booth i m[[Buckingham Gate]] i [[Londain]], agus b'é [[Sior Henry Gore-Booth]], an taiscéalaí [[Aigéan Artach|Artach]], a hathair. Bhí sí ar an iníon ba shine sa teaghlach. Murab ionann agus formhór mór na dtiarnaí talún in [[Éire|Éirinn]], ní raibh Sior Henry ag dúshaothrú a chuid tionóntaí. Mar sin, más amhlaidh féin gur bean uasal ab ea í Constance, d'fhoghlaim sí trócaire agus daonnacht i leith na mbochtán agus í ag fás aníos. Bhí eastát an teaghlaigh, Teach Lios an Daill, suite i [[Contae Shligigh|gContae Shligigh]] in iarthuaisceart na hÉireann. Chuaigh Eva, deirfiúr Constance, le gluaiseacht an luchta oibre agus le gluaiseacht na mban, a bhí san am sin ag troid ar son chearta vótála na mban. Bhí an bheirt acu cairdiúil le [[W. B. Yeats|William Butler Yeats]], an [[filíocht|file]], agus é ag teacht ar cuairt go minic. D'fhág a chuid smaointeachais a lorg ar shaoldearcadh na ndeirfiúracha i leith na healaíne agus na polaitíochta.
 
== Pósadh agus Luathpholaiteoireacht ==