Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

m
no edit summary
Sa bhliain [[1913]], ní raibh ach dhá ardán ar an taobh den pháirc a bhfuil Ardán Uí Ógáin inniu. Sa bhliain [[1917]], baineadh úsáid as brablach ón [[Éirí Amach na Cásca|Éirí Amach]] an bhliain roimhe sin chun Cnoc 16 a thógáil.
 
Ar an [[21 Samhain]] [[1920]], tharla sléacht ann faoi lámh na bpóilíní cúnta inar maraíodh triúr duine déag, beirt imreoir ina measc ón gcluiche peile a bhí ar siúl idir Baile Átha Cliath agus [[Tiobraid Árann]] ar an lá, Séamus Ó hAogáin agus Mícheál Ó hÓgáin. Tugtar [[Domhnach na Fola (1920)|Domhnach na Fola]] ar an eachtra seo. Bhí an [[Cogadh Angla-Éireannach]] faoi lán seol san am agus ní ba luaithe ar an lá céanna, mharaigh scuad [[Mícheál Ó Coileáin|Mhícheál Uí Choileáin]] ceathrar oifigeach faisnéise déag de chuid [[Sasana|Shasana]], agus cineál díoltas ab ea é an t-ionsaí a rinneadh ar Pháirc an Chrócaigh.
 
Sna [[1920í|fichidí]], thosaigh an CLG ar staidiam mhór a thógáil. Tógadh Ardán Uí Chíosóig sa bhliain [[1927]], agus é ainmnithe as [[Mícheál Ó Cíosóig]] ón g[[Contae an Chláir|Clár]], duine de bhunaitheoirí an Chumainn. Sa bhliain [[1952]] tógadh Ardán Nally, agus é ainmnithe i ndil[[Cuimhne|chuimhne]] ar dhuine eile de na bunaitheoirí, P.W.Nally.
5,627

edits