An difríocht idir athruithe ar: "Lev Kopelev"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 10:
}}
 
Scríbhneoir, scoláire agus easaontóir Sóivéadach ab ea é '''Lev Zinovyevich Kopelev''' ([[9 Aibreán]] [[1912]] - [[18 Meitheamh]] [[1997]]). [[Giúdachas|Giúdach]] ab ea é, agus d'fhoghlaim sé an [[Gearmáinis|Ghearmáinis]] ina bhuachaill óg dó, rud a chuidigh leis go mór nuair a chuaigh sé ag staidéar an léinn Ghearmánaigh san ollscoil i g[[Cív]] san [[An Úcráin|Úcráin]]. Bhí sé ina [[Cumannachas|Chumannach]] dhílis, agus nuair a d'ionsaigh [[an Ghearmáin]] [[an tAontas Sóivéadach]], chuaigh sé sna saighdiúirí. Ó bhí an Ghearmáinis go paiteanta aige, cuireadh i mbun na bolscaireachta é.
 
Nuair a tháinig an tArm Sóivéadach go dtí an Ghearmáin, chonaic Kopelev saighdiúirí Sóivéadacha ag éigniú ban agus ag dúnmharú sibhialtaigh Ghearmánacha rompu, rud a bhain an-scanradh as. Bhí sé náirithe ag a mhuintir féin, agus d'fhéach sé leis na saighdiúirí a stopadh ó thuilleadh gníomhartha uafáis. Níor thaitin an dearcadh seo le lucht na seirbhísí rúnda, agus b'é deireadh an scéil gur gearradh téarma príosúnachta deich mbliana ar mo dhuine sna [[GULag|campaí géibhinn]].