An difríocht idir athruithe ar: "Aoine an Chéasta"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 5:
De réir mar a deirtear sa [[An Bíobla|Bhíobla]], tháinig na hard[[Sagart|sagairt]] agus na seanóirí le chéile ar [[maidin]] le socrú le chéile go gcuirfí Íosa chun báis. Chuir siad an bhreith seo faoi bhráid an [[Gobharnóir|ghobharnór]]<nowiki/>a [[Impireacht Rómhánach|Rómhánaigh]], [[Pointias Píoláit|Pointias Pioláit]], nach raibh ró-fhonnmhar chun Íosa a chur chun báis.
 
Faoi bhrú na n-[[Giúdachas Raibíneach|ardsagart]] agus na seanóirí, áfach, agus iad siúd ag gríosú na gramaisce in aghaidh Íosa, ghéill Pioláid Íosa a chur chun báis. Theastaigh ó na hardsagairt Íosa a mharú mar bhlaisféimeoir, ó bhí sé tar éis a rá gurbh é mac [[Dia|Dé]] é, ach d'áitigh siad ar Phioláit gur ceannairceoir agus tuathghríosóir ab ea é Críost a bhí ag iarraidh "[[rí]] na [[An Giúdachas|nGiúdach]]" a ghairm de féin - is é sin, rí a bhí ag beartú na [[An Róimh|Rómhánaigh]] a ruaigeadh as [[Iarúsailéim]] agus ríocht [[Neamhspleách (polaitíocht)|neamhspleách]] na [[Giúdachas|nGiúdach]] a bhunú. Tugadh le fios do Phioláit "nach mbeadh sé ina chara mhaith ag [[Impireacht na Róimhe|Impire na Róimhe]]", ach oiread, mura mbeadh sé sásta an bhreith bháis a dhearbhú.
 
Chuir saighdiúirí an ghobharnóra clóca dearg ar Íosa agus chuir siad "[[coróin]]" de chraobhacha deilgneacha air le hé a chéasadh. Ansin, thug siad "rí na nGiúdach" air go magúil, agus iad ag ligean orthu féin go raibh siad ag umhlú dó mar a bheadh rí ann.