An difríocht idir athruithe ar: "An tSeirbea-Chróitis"
Content deleted Content added
MacCambridge (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
MacCambridge (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
||
Líne 3:
'''Seirbea-Chróitis''' nó '''Cróite-Sheirbis''' a thugtar ar an [[teanga (cumarsáid)|teanga]] atá á labhairt sa [[An Chróit|Chróit]], sa [[An tSeirbia|tSeirbia]], sa [[Boisnia|Bhoisnia]]-Heirseagaivéin agus i [[Montainéagró]]. Sa chiall chúng, ba í an tSeirbea-Chróitis an leagan caighdeánaithe a bhí in úsáid oifigiúil sa [[Iúgslaiv]] sna blianta [[1954]]-[[1991]], sa bhreis ar an t[[Slóivéinis]] agus ar an [[Macadóinis|Mhacadóinis]]. Tá an teanga chaighdeánaithe seo bunaithe ar an gcanúint úd ''štokavski'', go háirithe ar an leagan di ar a dtugtar ''novoštokavski'', is é sin, ''štokavski'' nua. Cé go bhfuil na Bosnaigh, na Seirbigh, na Crótaigh agus na Montainéigrínigh féin ag iarraidh caighdeáin dá gcuid féin a fhorbairt, níl siad ag iarraidh aon chanúint eile seachas an ''novoštokavski'' a úsáid mar dhúshraith don chaighdeán nua.
Dealraíonn sé gurbh é an teangeolaí Slóivéanach Jernej Kopitar ba luaithe a bhain úsáid as an téarma féin "Seirbea-Chróitis", cé gur féidir gurbh é an Slóvacach Pavel Jozef Šafárik a chéadcheap an focal. Ainm eile a bhí in úsáid san am ab ea
Is ar éigean a úsáideann na cainteoirí féin an téarma sin "Seirbea-Chróitis" inniu, ach mar sin féin tá sé praiticiúil "Seirbea-Chróitis" a thabhairt ar na leaganacha éagsúla caighdeánacha atá bunaithe ar an gcanúint úd ''novoštokavski''.
|