An difríocht idir athruithe ar: "Conchúr Crús Ó Briain"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 18:
|páirtí =[[Páirtí an Lucht Oibre (Éire)|Lucht Oibre]], neamhspleách
|}}
Scríbhneoir, polaiteoir agus acadúlach [[Éire]]annach ab ea é '''Conchúr Crús Ó Briain''' (seanlitriú [[Gaeilge]]: ''Conchubhar Crús Ó Briain'', [[Béarla]]: ''Conor Cruise O'Brien''), a dtugtar ''The Cruiser'' nó ''An Crúiseoir'' air uaireanta. Saolaíodh i [[Ráth Maonais]] ar an [[3 Samhain|tríú lá de Mhí na Samhna]] [[1917]] é agus bhásaigh sé ar an [[18 Nollaig]] [[2008]]. D'fhoghlaim sé a chuid léinn i [[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath|gColáiste na Tríonóide]], rud as an ngnáth san am, ós rud é gur [[Caitliceachas|Caitliceach]] a bhí ann féin, agus clú [[Protastúnachas|Protastúnach]] ar an áit. Phós sé cailín [[Preispitéireachas|Preispitéireach]] arbh ainm di Christine Foster san am seo.
 
Chuaigh sé ag obair sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, agus bhain sé an chéad cháil idirnáisiúnta amach, nuair a bhí sé ina ionadaí do na [[Náisiúin Aontaithe]] i gKatanga sa Chongó (an tír a dtugtaí an tSáír uirthi ní ba mhaille, agus arb í [[Poblacht Dhaonlathach an Chongó]] í inniu). Sa bhliain 1961, d'fhéach cúige seo na tíre le neamhspleáchas a bhaint amach, agus bhí géarchéim mhór sa tír dá dheasca sin. Bhí a lán tíortha ag cur a ladair féin i gcúrsaí an Chongó, agus sa deireadh, b'éigean don Bhrianach éirí as a phost agus glanadh as an tír. Scríobh sé leabhar faoin taithí seo, ''To Katanga and Back'', a bhfuil cáil an chlasaicigh uirthi i gcónaí.