An difríocht idir athruithe ar: "Cáisc na nGiúdach"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Illustration-pesach-lamb.jpg|mion|Kaufmann Haggadah, 14ú haois]]
Is féile [[An Giúdachas|Ghiúdach]] í [[Cáisc]] na nGiúdach, ([[An Eabhrais|Eabhrais]] פֶּסַח, {{Audio|He-Pesach.ogg|''pésach''}}, «dul thart»). Cuimhnítear ar scéal [[Maois|Mhaois]] agus an tÉalú ón [[An Éigipt|Éigipt]]<ref>http://www.anbioblanaofa.org/ AnBioblaNaofa.org</ref>, <ref>[http://www.duchas.ie/ga/cbes/4428387/4402864/4510925 Dúchas.ie]</ref>.
 
== Imeacht na nIosraelach - An Scéal ==
Thug an [[Faró]] cead do na hEabhraigh an Éigipt a fhágáíl. Tháinig malairt aigne air, áfach, agus chuaigh sé féin agus a shaighdiúirí sa tóir orthu.
 
Shroicheadar ‘’Yam Suph’’ (meastar anois gur Muir na nGiolcach seachas an [[Muir Rua|Mhuir Rua]] a bhí i gceist leis seo). Shín Maois a lámh os cionn na n-uiscí agus thiomáin [[Dia]] an fharraige ar ais le gaoth láidir a shéid ar feadh na hoíche, agus rinneadh talamh tirim de. Dheighil na huiscí óna chéile, agus ar aghaidh le clann Iosrael isteach i lár na n-uiscí.
 
Chuaigh na hÉigiptigh sa tóir orthu. Ba dheacair dóibh dul chun cinn ina gcarbaid agus bádh iad nuair a d’fhill na huiscí ar ais anuas orthu, ach tháinig na hIosraelaigh slán.