An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Ó Coileáin"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 29:
Saolaíodh Mícheál Ó Coileáin in aice le [[Cloich na Coillte]] in Iarthar Chorcaí sa bhliain [[1890]]. B'eisean dríodar an chrúiscín, agus tháinig beirt mhac agus cúigear deirféaracha roimhe. Níltear ar aon bharúil faoina bhreithlá, nó is é [[12 Deireadh Fómhair|an dóú lá déag de Mhí Dheireadh Fómhair]] atá le léamh ar leac a uaighe, ach is é an séú lá déag a thugann lucht scríofa a chuid beathaisnéisí.
 
Taoisigh [[Ghael]]acha i gCúige Luimní ab ea iad a chuid sinsear, ach nuair a díshealbhaíodh iad, thosaigh siad ag saothrú talún. Ina dhiaidh sin féin, bhí an-tailte ag muintir Uí Choileáin, agus iad ina bhfeirmeoirí saibhre dá réir. Mar sin, nuair a rugadh an Coileánach, níorbh é an bochtanas a bhí i ndán dó go díreach, de réir na cuma a bhí ar na cúrsaí.
 
Chuaigh deirfiúr le Mícheál, Eibhlín, sna mná rialta, agus is é an t-ainm a ghlac sí uirthi ná an tSiúr Mary Celestine. Bhí sí ag obair ina múinteoir i [[Londain]].
Líne 35:
Mícheál an t-ainm a bhí ar athair mo dhuine freisin. Chaith seisean seal s[[na Fíníní]] nuair a bhí sé óg, ach ansin, d'fhág sé an ghluaiseacht le dul le feirmeoireacht.
 
Deirtear gur páiste cliste seanchríonna ab ea é Mícheál óg. Bhí an-fhaghairt ann, agus tholg sé an [[náisiúnachas]] go hóg ó ghabha na háite, [[Séamas Santry]]. Ní raibh príomhoide na Scoile Náisiúnta, [[Donncha Lyons]], ag maolú ar an gclaonadh seo ach an oiread, nó bhí sé ina bhall de [[Bráithreachas na Poblachta|Bhráithreachas na Poblachta]] ([[IRB]]). Stócach láidir scafánta ab ea é an Coileánach, agus é an-tugtha do na lúthchleasa. Mar sin féin, bhí sé éirimiúil ó thaobh na hintleachta de, chomh maith.
 
I bhFeabhra na bliana [[1906]], chuaigh an Coileánach faoi scrúdú na Státseirbhíse, agus é cúig bliana déag d'aois. Le pas a fháil, mhol sé [[impireacht na Breataine Móire]] go hard na spéire in aiste a scríobh sé mar chuid den scrúdú.
Líne 63:
Bhí an tír ar barr lasrach le cogadh cruálach, agus [[Constáblacht Ríoga na hÉireann]] is na [[Dúchrónaigh]] ag rith damhsa fud fad na hÉireann. Mar sin, b'éigean do na h-"aireachtaí" (mar a thugtaí ar na ranna rialtais san am) gníomhú ar chúla téarmaí. Ní raibh sa chuid ba mhó acu ach cupla duine agus iad ag obair i seomra beag i dteach príobháideach, má bhí an oiread sin féin ann.
 
Scéal eile ar fad ab ea é scéal an Airgeadais, agus an Coileánach ag freastal air. Bhí seisean agus a fhoireann ábalta móreisiúint bannaí stáit a chóiriú le bun a chur le státchiste na Poblachta. Chuaigh scéal na hiasachta náisiúnta seo a fhad le [[Vlaidímír Léinín|Léinín]], agus chuir seisean toscaire go hÉirinn le slám airgid a fháil ar iasacht ó na hÉireannaigh chun [[an phoblacht Shóivéadach]] s'aige féin a mhaoiniú. Thairg Léinín roinnt seoda de chuid Choróin na [[Rúis]]e Impiriúla mar chúlbhannaí. Fágadh na seoda seo i dtaisce go dtí na tríochaidí, agus iad ligthe i ndearmad ag cách. Sa deireadh, thángthas orthu de thaisme.
 
An té a chaithfidh súil ar ais ar a ndearna an Coileánach, tiocfaidh iontas an domhain air i bhfianaise na n-iléachtaí sin. D'fhruiligh an Coileánach scuad feallmharfóireachta, "An Dáréag", le spiairí de chuid na Sasanach a mharú. Chóirigh sé an "[[Iasacht Náisiúnta]]". Bhí sé ag coinneáil na nÓglach ag imeacht, agus nuair a bhí de Valera ag taisteal [[na Stát Aontaithe]], b'éigean dó an chuid ba mhó de chúrsaí an rialtais a chomhordnú thar thréimhse fhada. Thairis sin, chaithfeadh sé airm a smuigleáil isteach le haghaidh na nÓglach. D'fhéadfá a rá gur réabhlóid aonair ab ea é an fear féin.
 
B'iad an Coileánach agus [[Risteard Ó Maolchatha]] príomheagraithe na nÓglach, a fhad is a bhí sé indéanta ar aon nós ord agus eagar a choinneáil ar dhíormaí scaipthe treallchogaíochta den chineál sin. Is gnách a rá gurbh é an Coileánach a d'eagraigh na Colúin Reatha le linn Chogadh na Saoirse, ach ar ndóighe, ní fhéadfadh sé a leithéid de rud a chur i gcrích gan chuidiú ó dhaoine eile.
Líne 133:
Áirítear Mícheál Ó Coileáin ar ceann de na seansanna móra caillte i stair na hÉireann. Fear ardéirimiúil, intleachtúil, paiseanta, dúthrachtach a bhí ann, agus chronaigh an stát úrbhunaithe go géar é, nuair nach raibh sé ann a thuilleadh. Beag beann ar an bhfreasúra, choinnigh sé soláthar agus tacaíocht leis na hÓglaigh i d[[Tuaisceart Éireann]], ach nuair a bhí sé imithe, d'éirigh lucht a chomharbais as an bpolasaí go sciobtha. Is éadócha go mbeadh sé chomh patuar i leith mholtaí Choimisiún na Teorann agus iad siúd a tháinig ina dhiaidh. Mhéadaigh sé ar mhéala a bháis go bhfuair an tUachtarán Ó Gríofa bás deich lá roimhe sin, le teann an stró a chuir imeachtaí na tíre air. Is ar éigean a chonacthas an Coileánach go poiblí i ndiaidh lá adhlactha a chara, agus é ag siúl ar lorg na cónra. Sula raibh seachtain iomlán thart, cuireadh an Coileánach féin sa reilig chéanna, [[Reilig Ghlas Naíon]] i mBaile Átha Cliath.
 
Ábhar fiannaíochta ab ea iad na focail a labhair sé ar lá sínithe an Chonartha. Nuair a dúirt an Tiarna Birkenhead, agus é buartha faoin dóigh a rachadh an Conradh i bhfeidhm ar an mBreatain Mhór, go raibh eagla air gur shínigh sé barántas a bháis pholaitiúil, is é an freagra a fuair sé ón gCoileánach go raibh seisean i ndiaidh barántas a fhíorbháis a shíniú. Seo mar a scríobh an Coileánach chuig dlúthchara leis:
 
:''"I ndiaidh an oiread sin allas a bhárcadh, i ndiaidh an oiread sin streachailte agus tromluithe, tá tú, go tobann, ag siúl na sráideanna i Londain agus iad fuar fliuch faoi aer na hoíche. Samhlaigh leat - céard atá agat le tabhairt d'Éirinn? Rud atá ag teastáil uaithi le seacht gcéad bliain. An sásóidh an margadh seo aon duine? Duine ar bith? Seo an méid a deirim leat: go moch ar maidin inniu, shínigh mé barántas mo bháis féin. Nuair a rinne mé é, is é an rud a bhí ar m'intinn ná: féach chomh haisteach, chomh haiféiseach atá sé - bheadh sé chomh maith ag an gcorrphiléar an jab a dhéanamh cúig bliana ó sin."''