An difríocht idir athruithe ar: "Giovanni Schiaparelli"

Content deleted Content added
Legobot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 2 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q14281 (translate me)
mNo edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Schiaparelli Giovanni.jpg|deas|200px|thumb|Giovanni Schiaparelli.]]
[[Réalteolaíocht|Réalteolaí]] [[An Iodáil|Iodálach]] ab ea é '''Giovanni Virgilio Schiaparelli''' ([[14 Márta]] [[1835]] - [[4 Iúil]] [[1910]]). Bhain sé amach dintiúirí an réalteolaí ó ollscoil [[Torino]] agus chaith sé seal ag staidéar i Réadlann [[Beirlín|Bheirlín]] freisin, ach rinne sé an chuid ba mhó de shaothar a shaoil i Réadlann [[Brera]]. Rinne sé breathnóireacht dhian ar [[Mars (pláinéad)|Mhars]], agus bhaist sé ainmneacha ar chuid mhór de na háiteanna ansin, mar a chonaic sé sa teileascóp iad. B'eisean a chuir na ráflaí faoi "chanálacha" ar Mhars ag imeacht, nó dúirt sé go raibh sé tar éis gnéithe a shonrú ar dhroim an phláinéid a raibh cosúlacht na g''canali'' ("grinnill abhann") orthu, mar a chuir sé i bhfocail [[Iodáilis]]e é. Is é an chiall a bhain an t-aistritheoir as an méid sin gur "canálacha" a bhí ann agus iad déanta ag neacha intleachtúla eachtardhomhanda, agus spreag an mhíthuiscint seo na mílte de dhaoine ag déanamh a dtuairimíochta féin faoi "mhuintir Mharsa".
 
Fiú lena lá féin, ní bhfuair Schiaparelli aitheantas do na canálacha ach ó chuid de na réalteolaithe, nó bhí a lán eile acu den bharúil nach raibh siad in ann na ''canali'' a aithint lena súile féin, agur gur dhócha nach raibh iontu ach iomrall súl de chineál éigin. Seo é an tuiscint a deimhníodh nuair a rinne an spásghléasra nua-aimseartha mapáil cheart ar dhromchla Mharsa. Creidtear inniu go raibh galar súl ag luí ar Schiaparelli, agus nach raibh sna ''canali'' ach struchtúr inmheánach a shúl féin a chonaic sé faoi thionchar an ghalair.