An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh Cathartha na Rúise"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link FA template (handled by wikidata)
mNo edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Red Army Kazan.jpg|thumb|220px|[[An tArm Dearg]] i gKazan, príomhchathair na Tatarstáine, i rith an chogaidh.]]
Cogadh a troideadh in [[Impireacht na Rúise]] ab ea é '''Cogadh Cathartha na Rúise''', a mhair ón mbliain [[1917]] go dtí [[1922]]. Thosaigh sé go gairid i ndiaidh do rialtas sealadach na Rúise titim agus [[na Boilséivigh]] an chumhacht a shealbhú i [[Réabhlóid Dheireadh Fómhair]]. Chuaigh na cúrsaí chun donais nuair a rinne [[Léinín]] lánscor ar Chomhthionól Bunreachta na Rúise agus, go háirithe, nuair a shínigh sé [[Conradh Síochána Brest-Litovsk]] i Mí Márta [[1918]], nó d'fhág an Conradh sin cuid mhór d'Iarthar na Rúise ag na [[an Ghearmáin|Gearmánaigh]]. B'iad an dá thaobh sa chogadh ná na Dearga - is é sin, na Boilséivigh - agus na Bána, is é sin, iad siúd nach raibh sásta an chumhacht a fhágáil acu. Thairis sin, áfach, bhí go leor "tiarnaí cogaidh" áitiúla ann a bhí ag cur a gcatha féin, agus nach furasta a aicmiú mar "bhána" ná mar "dhearga". Ar ndóigh, d'fhéach stáit eile a ladar a chur sa chogadh freisin nó a mbuntáiste féin a ghlacadh ar laige na Rúise. Tar éis cheithre bliana cogaidh, b'iad na Boilséivigh a ghnóthaigh an báire, agus bhunaigh siad stát [[Cumannachas|Cumannach]], [[an tAontas Sóivéadach]], sa bhliain [[1922]]. Sna blianta [[1918]]-[[1920]] ba mhó a bhí an troid á cur.
 
{{glanadh}}