An difríocht idir athruithe ar: "Constáblacht Ríoga na hÉireann"

m
no edit summary
m (fixing web references)
m
== Stair na Póilíníochta in Éirinn ==
 
Tháinig an chéad fhórsa póilíní ar an bhfód in Éirinn, nuair a reachtaíodh [[an tAcht um Choimeád na Síochána]] sa bhliain [[1814]]. Bunaíodh an Chonstáblacht féin sa bhliain [[1822]], nuair a reachtaíodh [[an tAcht um Chonstáblacht na hÉireann]]. Ceann de na chéad dualgaisí dár thit ar a crann ab ea é na [[Deachú|deachúna]] a ghearradh de na Caitlicigh le lámh láidir le linn [[Cogadh na nDeachún|Chogadh na nDeachún]]. D'fhoráil an tAcht gur cuireadh fórsa póilíní ar bun i ngach [[barúntacht]], agus na hardchonstáblaí is na cigirí ginearálta faoi cheannas an riaracháin shibhialta i g[[Caisleán Bhaile Átha Cliath]]. Sa bhliain 1841, bhí níos mó ná ocht míle sé chéad fear ag obair ina gconstáblaí. San am sin, bhí inneall nua curtha ar an bhfórsa le hacht a reachtaíodh sa bhliain 1836, agus heisíodh na chéad rialacha don Chonstáblacht da bhliain 1837. Bhí na constáblaí á gcoinneáil faoi dhiansmacht, agus ní raibh an phá thar moladh beirte. Chaithfeadh siad troid a chur ar na scológa bochta faoin tuath, nó bhí na bochtáin ag dul i [[rúnchumann|rúnchumainn]] ar nós na [[Ribínigh|Ribíneach]], a d'ionsaíodh na tiarnaí talún agus a maoin shaolta.
 
Ní raibh lé ná luiteamas ag an gconstáblacht leis an [[scarúnachas Éireannach]], rud a léirigh siad go héifeachtúil sa bhliain [[1848]], nuair a chloígh siad éirí amach na h[[Éire Óg|Éireann Óige]] a raibh [[Uilliam Mac Gabhann Ó Briain]] i gceannas uirthi. Tháinig turadh ina dhiaidh sin i gcúrsaí na tíre. Mar sin féin, bhí [[IRB|Bráithreachas na Poblachta]], a bunaíodh sa bhliain 1858, ag beartú éirí amach armtha in aghaidh an rialtais Ghallda. Tháinig na pleananna seo i gcrích sa bhliain [[1867]] le hÉirí Amach na bh[[Fíníní]], agus na stáisiúin iargúlta de chuid na Constáblachta á n-ionsaí ag na Fíníní. Ní raibh moill ar bith ar na constáblaí an reibiliún seo a chur faoi chois ach an oiread, nó bhí na Fíníní insíothlaithe le spiairí agus le brathadóirí.
5,739

edits