An difríocht idir athruithe ar: "Páirtí Aontachtach Uladh"
Content deleted Content added
No edit summary |
MacCambridge (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
||
Líne 23:
Nuair a chuaigh an deighilt ar Éirinn, bhí [[Edward Carson]] ina chathaoirleach ar an bpáirtí Aontachtach. Thug sé rabhadh gan coimhthíos a chur ar na Caitlicigh roimh an stáitín, nó mura mbeidís in ann a gcuid féin a dhéanamh den stáitín, bheadh trioblóid ann. Chuir biogóideacht a lán Aontachtóirí in Ultaibh déistin air. Níor tugadh an aird cheart ar a chuid rabhadh, áfach, agus sna fichidí, bhí na mílte Caitlicigh ag éalú ón stáitín trasna na teorainne nua.
Fir shaibhre ab ea
Sna [[1960idí|seascaidí]], d'fhéach an Príomh-Aire [[Terence O'Neill]] le [[Cearta daonna|cothrom na Féinne]] a thabhairt do na [[Poblachtánachas in Éirinn|Caitlicigh]], ach ansin, thosaigh na [[Dílseachas|Dílseoirí]], ar nós [[Ian Paisley]], ag cur ina aghaidh. Thosaigh na Dílseoirí agus na péas ó [[Constáblacht Ríoga Uladh|Chonstáblacht Ríoga Uladh]] ag ionsaí na mórshiúlta a bhí ag éileamh cearta sibhialta do na Caitlicigh. Nuair a maraíodh daoine de lucht na máirseála, chrom an tIRA ar na Protastúnaigh a imeaglú chomh maith. Sa bhliain [[1972]], bhain rialtas na Breataine an chumhacht de na hAontachtóirí, nuair a tháinig an Riail Dhíreach i bhfeidhm.
Bhí tionchar an-láidir ag an Ord Oráisteach ar an bpáirtí. Baill den Ord ab ea
I rith na seachtóidí, scoilt an páirtí go tromchúiseach faoin gceist, ar chóir cead isteach a thabhairt do na Náisiúnaithe sa rialtas. Sa bhliain 1995, chuir rúnaí Caitliceach an dlí orthu faoi leatrom sa Choimisiún um Fhostaíocht Chothrom.
|