An difríocht idir athruithe ar: "Seán Ó Cathasaigh"
Content deleted Content added
MacCambridge (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
MacCambridge (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
||
Líne 45:
Na drámaí a scríobh sé ina dhiaidh sin, mar shampla, an dráma duairc fáthchiallach úd ''Within the Gates'' (1934); an ceann Cumannach ''The Star Turns Red'' (1940); an "choiméide sheachránach" ''Purple Dust'' (1942); agus ''Red Roses for Me'' (1943), bhí siad ag forbairt i dtreo an [[eisprisiúnachas|eisprisiúnachais]], i gcomparáid leis an stíl réadúil a chleacht sé i dtús a chaithréime, agus bhí an teachtaireacht Shóisialach ní ba láidre iontu.
Ní bhfuair na drámaí seo riamh an moladh ná an rath céanna agus an triológ luath faoi shaol na dtionóntán. I ndiaidh [[an Dara Cogadh Domhanda]], scríobh sé ''Cock-a-Doodle Dandy'' (1949), ab fhéidir gurb é an saothar is fearr agus is spéisiúla dár chum sé riamh. Ón dráma úd ''The Bishop's Bonfire'' (1955) ar aghaidh, bhí an Cathasach ag scrúdú an ghnáthshaoil in Éirinn. Sampla eile den stíl seo ab ea
Ag druidim le deireadh a shaoil dó, chaith an Cathasach cuid mhór dá dhúthracht le cúig imleabhar a dhír[[Beathaisnéis|bheathaisnéise]], saothar atá ag cur thar maoil le spraoi agus le spéisiúlacht.
|