An difríocht idir athruithe ar: "C. S. Lewis"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 47:
Bhí spéis ag Lewis i miotaseolaíocht na nGael agus sa Ghaeilge féin ó bhí sé ina bhrín óg. Bhí sé an-tugtha do shaothar William Butler Yeats, ó bhí Yeats ag tarraingt ar thobar an mhiotais Ghaelaigh ina chuid filíochta. I litir chuig cara, scríobh Lewis: "Anseo, tháinig mé trasna ar scríbhneoir den chineál a bhí riamh ag teastáil uaim, agus tá mé siúráilte go dtaithneodh sé leatsa freisin. Is é sin, W. B. Yeats. Cumann sé drámaí agus dánta faoinár seanmhiotaseolaíocht Éireannach, saothar a bhfuil saoithiúlacht agus áilleacht as an ngnáth ag baint leis."
 
Díol iontais ab ea é do Lewis go raibh lucht a aitheantais i Sasana ar nós cuma liom i leith shaothar Yeats agus athbheochan an chultúir Cheiltigh. Scríobh Lewis: "Is minic a chuireann sé iontas orm a fheiceáil go ndéanann na daoine a casadh orm anseo neamhshuim iomlán de shaothar Yeats. Is dócha nach dtaithníonn sé ach le hÉireannaigh. Más amhlaidh, altaím leis na déithe go léir gurb Éireannach a tharla a bheith ionam." I dtús a chaithréime mar scríbhneoir, bhí Lewis ag dréim lena chuid saothar a chur chuig tithe foilsitheoireachta i mBaile Átha Cliath: "Má chuirim mo chuid stuife chuig aon fhoilsitheoir choíche, sílim go mbainfidh mé triail as muintir Maunsel i mBaile Átha Cliath, i gcruth is go mbeidh baint agam le scoil scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath." Nuair a d'iompaigh sé chun na Críostaíochta, áfach, thréig Lewis an rúndiamhracht Cheilteach de réir a chéile, ar mhaith leis an spioradáltacht Chríostaí.
 
Agus an chumha a bhí air i ndiaidh na hÉireann, ba nós le Lewis a thabhairt le fios idir shúgradh agus dháiríre go raibh dearcadh frith-Shasanach aige. Seo an cuntas a thug sé ar Éireannach a buaileadh air i Sasana: "Cosúil leis na hÉireannaigh uile go léir a chastar ar a chéile i Sasana, bhí muid, i ndeireadh ár gcomhrá, ag lochtú braschaint agus leadránacht dhosheachanta an chine Angla-Shasanaigh. I ndiaidh an iomláin, a ''ami'', is iad na hÉireannaigh an t-aon phobal amháin atá ann...Is ar éigean a bheinn sásta mo shaol a chaitheamh nó mo bhás a fháil i measc aon chine eile."
 
Ó bhí sé ag obair in ollscoil Oxford, áfach, b'éigean do Lewis a shaol a chaitheamh agus a bhás a fháil i measc cine eile, agus ba mhinic a deireadh sé gur cúis aiféaltais ab ea é dó gurbh éigean dó Éire a thréigean. Bhí sé riamh ar lorg chuideachta na nÉireannach, agus thagadh sé go Tuaisceart Éireann go tráthrialta. B'ansin a chaith sé a mhí mheala, fiú. "Mo shaol Éireannach" a thugadh sé air seo.
 
=== A Iompú leis an gCríostaíocht ===