An difríocht idir athruithe ar: "Réabhlóid Dheireadh Fómhair"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
Sórt [[Réabhlóid|réabhlóide]] nó, mar is dóigh leis an gcuid is mó de na saineolaithe inniu, ''[[coup d'état]]'' sa [[An Rúis|Rúis]] i mí na Samhna sa bhliain [[1917]] ab ea í '''Réabhlóid Dheireadh Fómhair''', nó an '''Réabhlóid Bhoilséiveach'''. Tugtar Réabhlóid Dheireadh Fómhair uirthi, toisc go raibh [[Féilire Iúil]] i bhfeidhm sa Rúis go fóill le linn na réabhlóide. Ina dhiaidh sin, tháinig an [[Féilire Ghréagóra]] in úsáid go hoifigiúil, agus de réir an fhéilire sin, thosaigh an réabhlóid seo ar an gcúigiú lá de Mhí na Samhna (an tríú lá fichead de Mhí Dheireadh Fómhair, de réir [[Féilire Iúil|Fhéilire Iúil]]).
 
[[Íomhá:World October revolution poster.jpg|thumb|260px|Réabhlóid Dheireadh Fómhair - póstaer. Tá téacs an phóstaeir ag gealladh réabhlóid dhomhanda an Bhoilséiveachais. Feictear lucht an rachmais ag éalú, roimh bhratach mhór [[dearg|dhearg]], a bhfuil na [[focal|focail]] Rúisise ''Мировой Октябрь/Mirovoy Oktyabr'' - "Deireadh Fómhair ar fud an domhain" - le léamh uirthi.]]
Líne 17:
Nuair a bhí na círéibí seo curtha faoi chois, mhilleánaigh an Rialtas Sealadach na Boilséivigh fúthu, agus b'éigean do Vlaidimír Léinín agus Grigory Zinovyev, a gceannairí siúd, dul ar a seachnadh. Cé gurbh éigean do na Boilséivigh próifíl íseal a choinneáil go dtí Mí Mheán Fómhair, bhí stádas an pháirtí i measc radacaigh na heite clé chomh láidir is nach raibh sé in aon dainséar. Chuaigh dornán de Dhaonlathaigh Shóisialta ón eite chlé, agus iad in aghaidh an chogaidh, sna Boilséivigh i Mí Lúnasa. Bhí ról tábhachtach ag cuid acu siúd, go háirithe [[Leon Trotscaí]] agus Adolf Joffe, in imeachtaí Réabhlóid Dheireadh Fómhair.
 
Eachtra eile a chuir luas leis an réabhlóid ab ea é scéal Kornilov. Is é an rud a tharla, go bunúsach, gur fhéach [[Lavr Kornilov]], an ginearál a bhí díreach ceaptha mar ardcheannasaí míleata ag Kerensky, - gur fhéach sé leis an gcumhacht a shealbhú dó féin le lámh láidir. Bhain an bhagairt seo a leithéid de scanradh as Kerensky is go ndeachaigh sé i dtuilleamaí na mBoilséiveach le haghaidh cabhrach, agus thug sé, fiú, airm thine do na Gardaí Dearga Boilséiveacha, ionas go bhféadfaidís an phríomhchathair a chosaint ar shaighdiúirí Kornilov. Mar a thiontaigh na cúrsaí amach, áfach, ní raibh na hairm sin de dhíobháil ar aon nós, nó i ndiaidh an iomláin, d'áitigh saighdiúirí na cathrach ar shaighdiúirí Kornilov gan an chathair a ionsaí. Mar sin féin, glacadh leis ina dhiaidh sin gurbh iad na Boilséivigh "cosantóirí na príomhchathrach", agus bhain siad an-stádas polaitiúil as an gcáil seo. Tháinig na hairm féin isteach áisiúil, ar ndóigh, agus ní rithfeadh leis na Gardaí Dearga ar aon nós iad a thabhairt ar ais do Kerensky.
 
San am sin, bhí an tacaíocht ag trá ar an Rialtas Sealadach agus ar Kerensky go pearsanta. Shealbhaigh na Boilséivigh Sóivéid Petrograd, agus ceapadh [[Trotscaí]] ina chathaoirleach ar an tSóivéid.