An difríocht idir athruithe ar: "Aleksandr Herzen"

Content deleted Content added
m Bot: Fixing redirects
mNo edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Alexander Herzen.jpg|thumb|Aleksandr Herzen]]
Scríbhneoir agus réabhlóidí [[An Rúis|Rúiseach]] sa naoú haois déag ab ea é '''Aleksandr Ivanovich Herzen''', nó ''Gertsen'' (Rúisis: ''Алекса́ндр Ива́нович Ге́рцен''). Saolaíodh ar an séú lá de Mhí Aibreán 1812 i [[Moscó]] é, agus fuair sé bás ar an aonú lá fichead de Mhí Eanáir 1870 i [[Páras|bPáras]]. Glactar leis gurbh eisean a thug an chéad spreagadh intleachtúil don [[an sóisialachas|tSóisialachas]] sa Rúis, agus gurbh é a thionchar indíreach ba chúis leis gur saoradh seirfigh na Rúise ó bhráca sa bhliain 1861. Chaith sé an chuid ba mhó dá shaol ar deoraíocht, go háirithe i [[Sasana]], agus é ag foilsiú na hirise ''Kolokol'' ("An Clog"). Ar a dhírbheathaisnéis is fearr a aithníonn lucht léite na Rúisise inniu é, áfach. Chuir sé imeachtaí a shaoil chorraigh i míotar i dtrí imleabhar móra faoin teideal ''Былое и думы/Byloye i dumy'', is é sin, "Cuimhní cinn agus smaointe", a áirítear ar chlasaicigh na teanga, agus í ar an dírbheathaisnéis is tábhachtaí i stair liteartha na Rúise.
 
{{síol}}