An difríocht idir athruithe ar: "Incigh"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
mNo edit summary
Líne 21:
=== Bunú Cuzco ===
 
Cibé faoi sin, tá an chuma ar an scéal gur treibh bheag de bhundúchasaigh ab ea iad na hIncigh a chuir fúthu i gCusco timpeall na [[12ú haois|dóú haoise déag]], agus is dócha go raibh taoiseach cogaidh (''capac'' nó ''qhapaq'' as Ceatsuais) darbh ainm Manco i gceannas orthu. Dealraíonn sé go raibh sé i gceannas ar an gcathairstát ar feadh dhá scór bliain, agus deirtear gurbh eisean a dhréachtaigh dlíthe an stáit. Phós sé a dheirfiúr féin, Mama Ocllo, agus saolaíodh mac dóibh, Sinchi Roca, arbh eisean an chéad rí Inceach a tharraing chuige an teideal a bhí ar impirí na nInceach ina dhiaidh sin - ''Sapa Inca'', nó An tAon Inceach Amháin.
 
=== Pachacuti, "a Chuir an Talamh ag Creathnú" ===
Líne 31:
Bhí ciall aige do chúrsaí an riaracháin freisin, nó ba eisean a dhealaigh an Impireacht ina ceithre chúige. Chuir sé gobharnóir nó ''apo'' ag rialú gach cúige, agus miontaoisigh, ''t'oqrikoq'' ag rialú na gceantar agus iad dílis don ''apo''. San am céanna, áfach, d'fhéach sé chuige nach mbeadh aon chumhacht ag an ''apo'' ar na sagairt áitiúla ná ar na saighdiúirí a bheadh ar garastún sa chúige. Nuair a tháinig na Spáinnigh go dtí an Impireacht, bhí timpeall ar 15 ''t'oqrikoq'' faoi gach ''apo'', ach is dócha nach raibh siad chomh líonmhar nuair a chuir Pachakuti tús leis an gcóras.
 
Creidtear freisin gurbh é Pachacuti a chuir bun leis na ''mitimaes''. D'fhéadfá a rá go raibh na ''mitimaes'' cosúil leis na plandálacha Gallda in Éirinn: go bunúsach, coilínithe ab ea iad na ''mitimaes'' a cuireadh ina gcónaí sna ceantair fhorghafa, ionas go bhfoghlaimeodh na bundúchasaigh teanga agus nósanna na nInceach uathu.
 
Cé go raibh ciall ag Pachacuti do riachtanaisí an riaracháin chomh maith leis an tsaighdiúireacht, níor rith leis riamh rialacha a leagan amach le comharbas an t''Sapa Inca'' a shocrú. Bhí an Impireacht go mór thíos leis, nó mura mbeadh clann mhac an t''Sapa Inca'' ag teacht le chéile faoi cé acu a rachadh i gceannas ar an tír, chaithfí cogadh cathartha a chur leis an gcomharba a roghnú.
Líne 65:
== Cultúr na nInceach ==
 
Mar a thuigtear dúinn inniu, ní raibh teanga scríofa ag na hIncigh. Bhain siad úsáid as sreangáin shnaidhmthe a dtugtaí ''quipu'' ([[Spáinnis]]) nó ''khipu'' ([[Ceatsuais]]) orthu, ach is dócha nach scríbhneoireacht a bhí iontu ach gléas le cuimhne a choinneáil ar eolas uimhriúil cosúil le staitisticí daonra nó a leithéid. Ceird speisialtóra ab ea é tuiscint a bhaint as an ''quipu'' - thugtaí ''quipucamayoc'' (Spáinnis) nó ''khipu kamayuq'' (Ceatsuais) ar a leithéid de speisialtóir. Bhí na staraithe agus na seanchaithe ag úsáid sreangáin ''quipu'' freisin nuair a bhí siad ag reic scéalta faoi na laethanta a bhí.
 
Bhí ailtireacht na hInceach an-fhorbartha. Ba nós leo na clocha a chur in oiriúint dá chéile go mionchruinn gan suimint ná moirtéal a úsáid - ''eisléireacht'' a thugtar ar an gcineál seo bríceadóireacht. Bhí na hIncigh ábalta úsáid a bhaint as an moirtéal chomh maith, ach ba é an dearcadh a bhí acu ná gurbh í an eisléireacht an dóigh ab fhearr le ballaí a thógáil a mbeadh teacht aniar iontu - ní rachaidís i dtuilleamaí an mhoirtéil ach amháin le struchtúir shealadacha a chur i dtoll le chéile faoi dheifir. Níorbh iad na hIncigh féin a d'fhorbair teicníocht na heisléireachta mar sin, nó b'as Tiwanaku (Tiahuanaco) i mBolaiv an lae inniu a d'iompórtáil siad na saoir chloiche leis an obair a dhéanamh. Bhláthaigh sibhialtacht Tiwanaku roimh lá na nInceach féin.