An difríocht idir athruithe ar: "Búistéirí na Seanchille"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
Drong murdaróirí ab ea iad '''Búistéirí na Seanchille''' a bhí gníomhach i m[[Béal Feirste]] sna [[1970idí]]. Mharaigh na Búistéirí thart ar thríocha Caitliceach gan de chúis acu leis ach a gcreideamh. Glactar leis go coitianta gur [[Sraithmharfóir|sraithmharfóireacht]] [[Síceapaite|shíceapatach]], seachas dúnmharfóireacht sheicteach, a bhí idir lámhaibh acu, ach nuair a bhí na Búistéirí i mbun oibre, bhí an foréigean seicteach agus [[na Trioblóidí]] go han-dona ar fud [[Tuaisceart Éireann|Thuaisceart Éireann]], agus an drong ábalta a gcuid coireanna a chur i ngníomh faoi bhrat an tseicteachais.
[[Íomhá:Cludach ShankillButchers Dillon.jpg|thumb|200px|Cludach leabhair do "The Shankill Butchers" le [[Martin Dillon]]]]
 
== Lenny Murphy - an Ceannaire ==
 
B'é Lenny Murphy ceannaire na mBúistéirí. Tháinig sé chun saoil i mBéal Feirste ar an [[2 Márta]] [1952]], agus is é an t-ainm a baisteadh air ná Hugh Leonard Thompson Murphy. Bhí an sloinne Gaelach sin Murphy ag cur isteach ar na comharsana, ó chreid siad gur Caitlicigh faoi cheilt ab ea iad muintir Mhurphy. Is iomaí uirísliú a d'fhulaing a gclann ar scoil agus i measc lucht a gcomhaoise de dheasca an tsloinne. De thoradh na ráflaí faoi [[Caitliceachas|Chaitliceachas]] an teaghlaigh, freisin, sheachnaíodh tuismitheoirí Lenny cuideachta na gcomharsan, rud nach ndearna ach tuilleadh caidéise agus drochamhrais a tharraingt.
 
Ar scoil dó, d'iompaigh Lenny amach ina dhrochscoláire, ach san am céanna, d'éirigh sé sciliúil ag ionramháil daoine. Bhí sé ábalta a dhíoltas a agairt orthu siúd a bhí ag spochadh faoina shloinne, ó bhí drong de mhaistíní móra earcaithe aige le hé a chosaint. Ag fás anuas dó, chuaigh sé le mionghadaíocht agus le hógchiontóireacht eile, agus tharraing sé súil na bpéas air féin.
Líne 12:
== Bunú na Droinge ==
 
Sna blianta 1970-71, bhí Murphy ina bhall [[UVF|d'Fhórsa Óglaigh Uladh (UVF)]], agus é ag bailiú a bhaicle féin ina thimpeall as measc fhir óga na gciorcal seo. B'iad Robert "Basher" Bates agus Samuel "Big Sam" McAllister an bheirt fhear acu siúd ba mhó a bhí páirteach ina chuid coireanna ina dhiaidh sin. Fear lasánta cantalach ab ea é Basher a rachadh ag cur i dtíortha le fearg go furasta, agus é sásta glacadh le horduithe ó Murphy, cé go raibh Murphy cúpla bliain ní b'óige ná eisean. Bhí clú an bhruíonachais agus an fhoréigin air, agus é ag gabháil de bhuidéal bhriste ar dhaoine le linn na trodaíochta sa teach tábhairne. Maidir le McAllister, mionghadaí a bhí ann thar aon rud eile.
 
San am seo, is é sin, i dtús na seachtóidí, bhí na grúpaí paraimíleatacha ag earcú fir nua go tapa, agus an oiread fir óga a bhí ag tonnadh isteach, ach ní raibh siad ábalta roghnachas ná scagadh a dhéanamh ar na hearcaigh nua. Dá dheasca sin, bhí cuid mhaith gnáthchoirpeoirí agus ógchiontóirí in ann seangú isteach le buntáiste a ghlacadh ar na [[Trioblóidí]] ar a ndóigh féin. Daoine acu siúd ab ea iad Lenny, Big Sam agus Basher.
 
Rinne Lenny Murphy a dhícheall gan an iomarca airde den chineál mhícheart a tharraingt air féin. Ní thaobhódh sé cuideachta na sceimhlitheoirí móra Protastúnacha go poiblí. Ina áit sin, bhí sé á dtaispeáint féin in áiteanna siamsaíochta agus ag cur chuma an bhanaí agus an bhuachaill báire air féin.
Líne 28:
=== Misean Murdair William Pavis agus Príosúnú Mhurphy ===
 
Faoin am seo, rinneadh cúpla dúnmharú eile sa cheantar a raibh an chuma chéanna orthu. Níor ciontaíodh aon duine sna coireanna seo riamh, ach tá sé dealraitheach go leor go raibh páirt ag Lenny Murphy sna dúnmharuithe seo. Misean paraimíleatach a tharraing súil na bpéas air. Is é an duine a bhí le marú an iarracht sin ná William Pavis, Protastúnach a bhí sa phríosún toisc gur dhíol sé airm thine le sagart Caitliceach faoi choim. Seanchairde ab ea iad Pavis agus an sagart, agus iad ag dul ag sealgaireacht in éineacht. Cairdeas pearsanta a bhí ann a thosaigh roimh laethanta na dTrioblóidí. Is é an tuiscint a bhain na Dílseoirí as seo, áfach, gur díoltóir gunnaí a bhí i bPavis agus gnóthaí aige leis an [[IRA]]. Mar sin, chinn an tUVF ar é a mharú. I Mí Mheán Fómhair [[1972]], d'fhág sé Príosún Bhóthar Chroimghlinne ar a onóir, agus ar an lá deireanach sula bhfillfeadh sé go dtí an príosún, mharaigh Murphy agus Dílseoir eile, Mervyn Connor, é. Ní dhearnadh sceanairt de an iarracht seo: scaoil Murphy urchar sa chloigeann, agus as go brách leis agus lena chomhchoirpeoir.
 
Cúpla mí ina dhiaidh sin, gabhadh Murphy agus Connor, agus rinneadh príosúnaigh díobh. D'aithin na húdaráis gurbh é Murphy an bithiúnach ba mhó acu, agus gurbh é leas an phobail ar fad é Murphy a choinneáil istigh. Thosaigh siad ag margáil le Connor, a bhí an-scanraithe ag Murphy, iompú ina fhinné stáit agus cruthú in aghaidh Mhurphy. Fuair Murphy amach faoi seo, áfach, agus d'imeaglaigh sé Connor chun an milleán a ghlacadh air féin. Ina dhiaidh sin, mharaigh sé Connor. Ní raibh na húdaráis ábalta Murphy a chiontú i ndúnmharú Pavis, agus mar sin, b'éigean scaoileadh saor leis sa deireadh. Coinníodh sa charcair ar feadh tamaill é, áfach, mar phionós as na hiarrachtaí a rinne sé éalú as an bpríosún nuair nach raibh an fiosrú críochnaithe go fóill.
Líne 36:
Ar an [[13 Bealtaine]] [[1975]], d'fhág Murphy príosún [[An Cheis Fhada|na Ceise Fada]]. San am seo, tháinig scoilt idir na sean-Dílseoirí a bhí fanta sa bhraighdeanas agus na sceimhlitheoirí óga a bhí taobh amuigh. Faoi thionchar [[Sóisialachas|an tSóisialachais]] agus na smaointeoireachta nua-aoisí eile a bhí ag éirí coitianta i measc na bPoblachtánach, d'fhéach lucht na carcrach - daoine cosúil le Gusty Spence - le hidé-eolaíocht chasta pholaitiúil a fhorbairt do ghluaiseacht na nDílseoirí. Ní raibh mórán suime ag na fir óga amuigh i dteoiricí na gcrannlaochra, nó ní dheachaigh siad sna Dílseoirí ar lorg ceachtanna polaitiúla, ach ar lorg sceitimíní na gleice armtha. Fir ab ea iad seo a d'fhear fíorchaoin fáilte roimh Lenny Murphy nuair a d'fhill sé ar an tSeanchill, ó b'eisean an cineál ceannaire a bhí ag teastáil uathu. Bhíodh sé ag gnáthú an ''Brown Bear'', teach tábhairne i [[Bóthar na Seanchille|mBóthar na Seanchille]], agus ba ghnách le muintir an cheantair tagairt dá dhrong mar "lucht an ''Brown Bear''". Ón tús, bhí iompairc agus iomaíocht áirithe le haithint idir lucht an ''Brown Bear'' agus iad siúd a thagadh le chéile sa ''Windsor Bar'', píosa éigin bealaigh ar shiúl ón ''Brown Bear''.
 
B'iad Basher agus Big Sam a chabhraigh le Lenny baicle dá chuid féin a bhailiú timpeall air féin. D'éirigh le coirpeoir óg eile, fear darbh ainm William Moore, mórtachas maith a dhéanamh le Lenny. Fear údarásúil ab ea é Lenny mar a chonacthas dó é, fear a raibh staidiúir an oifigigh agus an fhíorshaighdiúra air, agus chuaigh sé go mór mór i gcion ar Moore. Cé go raibh taifead coiriúil aige ón mbliain [[1966]] anuas, ní raibh na péas in ann gníomhaíocht pharaimíleata a shamhlú leis. Thairis sin, bhí sé ag obair ina thiománaí tacsaí - ceann de na [[Tacsaithe Dubha Bhéal Feirste|tacsaithe dubha]] - agus é ina bhall de chumann tiománaithe tacsaí na Seanchille.
 
I Meán Fómhair [[1975]], bhí Lenny tar éis an oiread fear a fhruiliú agus go raibh a dhrong inchomórtais le muintir an ''Windsor Bar''. Thairis sin, nuair a bhí baicle láidir dá chuid féin aige, d'fhéadfadh sé a chuid dúnmharuithe agus coireanna eile a dhéanamh beag beann ar lucht ceannais an UVF. Bhí fiche fear ann anois, agus iad ina mionchoirpigh agus ina n-ógchiontóirí, an chuid ba mhó acu. Bhí fuath na ndaol acu do na Caitlicigh, agus iad sochomhairleach go leor, má bhí duine chomh dásachtach le Murphy i gceannas orthu.
Líne 64:
=== Dúnmharú Bhóthar Cliftonville ===
 
Ní raibh Murphy féin róshásta Protastúnaigh a mharú, agus i ndiaidh na Nollag, chrom sé ar ais ar na Caitlicigh. Sa bhliain 1976, b'é marú Ted McQuaid an chéad choir den chineál seo a rinne an drong. Mhaígh Murphy gur áit mhaith ab ea é Bóthar Cliftonville le Caitlicigh a mharú, agus ar an 10 Eanáir, chuir sé beart leis an mbriathar. Ag a leathuair tar éis a trí a chlog, chuir Murphy agus Moore sonrú i nDeirdre McQuaid, bean óg a bhí díreach ag filleadh abhaile ó chóisir, agus chinn siad ar an gcailín a mharú. Ansin, áfach, tháinig a fhear céile, Ted, i láthair, agus d'éirigh leis é féin a chur idir piléir na mBúistéirí agus an cailín. Leag Murphy an fear le dhá urchar, agus nuair a thit Ted McQuaid as a sheasamh, lean Murphy leis ag loscadh urchair go dtí go raibh sé cinnte go raibh an fear gonta go héag. Ansin, ghlan na Búistéirí leo as an áit go sciobtha le tacsaí Moore.
 
=== Díoltas as Dúnmharú na bPéas ===
Líne 74:
San am céanna, bhí plean ní b'fhadálaí idir lámhaibh ag Murphy. Bhí deichniúr fear oibre Protastúnach maraithe ag na Sealadaigh i Mí Eanáir, agus Murphy meáite ar sluamharú a dhéanamh ar Chaitlicigh mar dhíoltas. Bhí Murphy tar éis leoraí a thabhairt faoi deara ag iompar fir oibre Chaitliceacha go tráthrialta trí cheantar na Seanchille, mar a bhí tuigthe aige. Scéal eile, áfach, nach Caitlicigh amháin a bhí i gceist.
 
Shocraigh Murphy gurbh é an áit ab fhearr leis an leoraí a ionsaí ná bothóg nuachtán a dtugadh muintir an cheantair Tigh Adair uirthi, i gcúinne Shráid Cambrai agus Bhóthar na Seanchille. B'é an lá a roghnaigh sé don ionsaí ná an Luan, an [[9 Feabhra]] [[1976]]. Bhí an sluamharú pleanáilte go cruinn aige, ach níor bhac sé le cuimhne a choinneáil ar aghaidheanna na bhfear a bhíodh an leoraí a iompar. Dá mbacfadh, d'aithneodh sé nárbh iad na Caitlicigh a fuair sé roimhe Dé Luain, ach foireann eile ar fad d'fhir oibre - agus iad ina bProtastúnaigh. Ábhar imní ab ea é do na Caitlicigh an turas a chur díobh tríd an gceantar Protastúnach gach lá, agus mar sin, d'éirigh siad as an mbealach seo a úsáid idir an dá linn. Mar a thaispeáin imeachtaí an Luain, bhí cúis thar a bheith maith acu leis an gcinneadh sin.
 
Fuair Lenny Murphy agus triúr eile de na búistéirí - Moore agus "Basher" Bates ina measc - fomheaisínghunna agus raidhfil ó na paraimíleataigh, agus ansin, ghoid Murphy gluaisteán le haghaidh an ionsaí. Chuaigh na fir ar bhord an ghluaisteáin ghoidte - Ford Cortina a bhí ann - agus thiomáin Murphy a fhad le tigh Adair, áit ar stad siad le fanacht le leoraí na bhfear oibre. Tháinig an leoraí go pointeáilte, pháirceáil an tiománaí í agus chuaigh sé isteach ag ceannach nuachtán an lae. Nuair a tháinig Henry McClelland, an tiománaí, amach as siopa na nuachtán, chonaic sé go raibh ceathrar fear ag smúrthacht timpeall na leoraí a raibh púicíní orthu, agus airm throma thine leo. Tuigeadh do McClelland gur sceimhlitheoirí Protastúnacha a bhí aige anseo, agus scairt sé orthu: ''Protastúnaigh iad go léir'', ag tagairt do phaisinéirí na leoraí.
Líne 84:
=== Dúnmharú Francis Rice ===
 
Fear oibre dífhostaithe ab ea é Francis Dominic Rice a thagadh go minic go club Caitliceach ar imeall lár na cathrach. Bhí sé ceithre bliana fichead d'aois. Ag a haon a chlog i ndiaidh an mheán oíche, ar an [[27 Feabhra]] [[1976]], bhí sé díreach ag filleadh ón gclub, nuair a casadh Lenny Murphy agus triúr eile de na Búistéirí - Moore agus "Basher" ina measc - air agus iad ag tiomáint timpeall ar an tacsaí ar lorg Caitlicigh. Bhí beirt bhan óg ar bhord an tacsaí acu chomh maith. Rinne Murphy corpchuardach ar Rice agus tháinig sé ar chárta ballraíochta an chlub Chaitlicigh. Bhí an scéal socraithe leis sin, agus an bás daite do Rice. Mar ba nós leis na Búitséirí faoin am seo, fuair sé greidimíní agus leadhbairt ar dtús, agus ina dhiaidh sin, thug na murdaróirí go dtí cúlshráid bheag é le hé a mharú. Thosaigh Murphy ag gearradh an mhuiníl de, slis i ndiaidh slise, agus nuair a bhuail lann na scine cnámh droma an íobartaigh, bhí an obair críochnaithe. D'éalaigh na Búistéirí leo ar an tacsaí agus d'fhág siad an corpán ina luí sa chúlsráid. Seanbhean a raibh cónaí uirthi sa chomharsanacht ba túisce a tháinig ar an gcorpán.
 
== An Chéad Bhotún a Rinne na Búistéirí ==
Líne 102:
=== Ródach Mór an ''Chlorane Bar'' ===
 
B'é an t-ionsaí ar an ''Chlorane Bar'' an chéad mhórchoir eile a rinne na Búistéirí. Teach tábhairne ab ea é an ''Chlorane Bar'' agus é suite ar thalamh neodrach idir ceantar na bhFál agus ceantar na Seanchille, rud a d'fhág go raibh daoine ón dá phobal ag gnáthú na háite. Teach dhá urlár a bhí ann le beár poiblí thíos an staighre agus tolglann thuas an staighre. Ar an [[5 Meitheamh]] [[1976]], tháinig ceathrar gunnadóirí isteach an doras agus iad ag scairteadh ar na custaiméirí Protastúnacha dul ar thaobh amháin agus ar na Caitlicigh dul ar thaobh eile. Ansin, thosaigh an mhurdaróireacht.
 
Maraíodh fear an tí, Caitliceach cnagaosta darbh ainm Jimmy Coyle, le hurchar a bhuail sa chroí é. Duine eile a fuair bás san ionsaí ab ea é Edward Farrell, seanchara le Coyle agus gnáthchustaiméir san áit. Lámhachadh sa droim é nuair a rinne sé iarracht na leithris a bhaint amach le dul ar foscadh i gceann acu. Daniel McNeill a bhí ar an tríú fear a maraíodh. Íorónta go leor, bhí na péas den tuairim go raibh baint éigin aige leis an UVF. Thairis sin, shíothlaigh Samuel Corr, fear meánaosta a bhí gonta go héag, sular tháinig na hotharcharranna. Protastúnach a bhí ann chomh maith. Fuair fear eile - John Martin - bás san ospidéal tar éis dhá sheachtain a chaitheamh ag éileamh. Goineadh daoine eile go tromchúiseach. Dealraíonn sé nach raibh na murdaróirí ábalta a néaróga féin a choinneáil faoi stiúir cheart, nó cé go ndearna siad iarracht gan dochar a dhéanamh d'aon duine dá bpobal féin, níorbh é lá an roghnachais lá an lámhaigh.
 
Níorbh é Murphy, agus é ag fanacht leis an triail sa phríosún, a d'ordaigh an t-éirleach seo. Bhí sé socraithe ag lucht an ''Windsor Bar'' agus ag Búitséirí an ''Brown Bear'' le chéile.