An difríocht idir athruithe ar: "An Meán-domhan"
Content deleted Content added
m Removing Link FA template (handled by wikidata) - The interwiki article is not featured |
MacCambridge (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
||
Líne 44:
Taobh thoir de Shléibhte an Cheo, bhí an réigiún mór úd ''Rhovanion'', chomh maith le ''Lothlórien'', tír de chuid na nEalbh, agus Galadriel ina banríon uirthi. Píosa maith ó theas, bhí coill Fangorn, agus an tEinteach - sórt fathach i riocht crainn - Crannfhéasóg (''Treebeard'') ag rialú ansin. Ritheann an abhainn úd Anduin trí Lothlórien, agus taobh thoir de Fangorn. Aniar ón abhainn a bhí an Mhodarchoill. Níos faide soir fós a bhí Erebor, nó an Sliabh Uaigneach, agus an dragan Smóg ag cur faoi ansin. Ansin atá an chathair na tSratha (''Dale'') freisin. Daoine daonna iad muintir na cathrach sin, agus a lán caidrimh acu leis na hAbhaic.
Taobh theas agus thoir de Shléibhte an Cheo a bhí ríocht na Rochann - is é an leagan Béarla a bhí ag Tolkien ná ''Rohan'', ach san iarfhocal a chuir sé le ''Tiarna na bhFáinní'', dúirt sé go bhfuil Rohan "bunaithe ar an bhfoirm Rochann, seanfhoirm Rochand", agus mar sin, is féidir Rocha nó tír na Rochann a thabhairt uirthi as Gaeilge. Bhí na Rochannaigh ina gcomhghuaillithe ag muintir Gondor, a raibh a dtír suite taobh theas de Rochainn. De shliocht Númenór ab ea
=== Logainmneacha ===
Líne 100:
* '''Rhûn''': "An tOirthear" i dteanga na nEalbh. Go bunúsach, níor thug Tolkien mórán eolais don léitheoir ar an gcuid seo den Mheán-domhan, ach amháin go raibh daoine ina gcónaí ansin nach raibh cairdiúil i leith mhuintir Gondor agus na Rochann, agus iad sásta dul i gcomhghuaillíocht le Sauron ina n-aghaidh.
* '''Rocha''' (Béarla: ''Rohan''), ríocht de chuid na nDaoine taobh thuaidh de Gondor. Fir mhóra mharcaíochta ab ea
* '''An tSír''' (''The Shire'', ''Sûza'' sa teanga ''Westron''), ceantar dúchais na Hobad.
Líne 235:
=== Na Daoine ===
Tugtar ''Edain'' ar na Daoine sa teanga ''Sindarin'', agus is é ''Atani'' an leagan ''Quenya''. Dhúisigh na Daoine ní ba deireanaí ná na hEilbh, agus murab ionann agus iadsan, tá na Daoine básmhar. Is é an tuiscint a bhí ann ar dtús gur ''bronntanas'' ab ea
Sa Tríú hAois, bhí dhá ríocht mhóra ag na Daoine in Iarthar an Mheán-domhain: Gondor agus [[Rocha]]. B'iad sliocht na bhFíréan ó Númenór a bhunaigh Gondor. Na Rochannaigh, arís, tháinig siadsan ó Thuaisceart an Mheán-domhain, agus ní raibh cultúr chomh forbartha acu agus ag muintir [[Gondor]]. Maidir leis na Númenóraigh ''nach'' raibh dílis d'Eru Ilúvatar, is é sin, lucht leanúna an Rí Ar-Pharazôn, bhí cuid dá sliochtsan le fáil sa Mheán-domhan freisin, agus thugtaí "na Númenóraigh Dhubha" orthu. Is iomaí duine acu a bhí ar fiannas i sluaite armtha Sauron.
|