An difríocht idir athruithe ar: "Europa (gealach)"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
mNo edit summary
Líne 9:
Fuair Europa a hainm ó [[Simon Marius]], an [[réalteolaí]] [[An Ghearmáin|Gearmánach]] a thug le fios gurbh eisean, seachas Galileo, ba túisce a chonaic an ghealach. Ní raibh na réalteolaithe sásta na hainmneacha a thug Marius ar na gealacha a úsáid, agus ar feadh i bhfad, thugaidís "Iúpatar a Dó" ar Europa, agus iad ag baint úsáide as córas ainmnithe na ngealach a bhí céadcheaptha ag Galileo féin. Mar sin, níor éirigh "Europa" coitianta mar ainm ach san fhichiú haois.
 
Tá Europa ainmnithe as "Europa", iníon [[Agenor]] i [[miotaseolaíocht]] na Gréige. B'é rí na Tíre é, mar Agenor. Seanchathair Fhéiníceach í an Tír atá suite i Liobáin an lae inniu. Deirfiúir le Cadmus ab ea í Europa freisin - b'é Cadmus a bhunaigh an Téib sa [[An Ghréig|Ghréig]].
 
Tá réigiún ar Europa atá ainmnithe as [[Conamara]] in Éirinn - ''[[Anord Chonamara|Conamara Chaos]]''. Is é is brí le ''chaos'' sa choimhthéacs seo ná réigiún a bhfuil cuma anordúil (''chaotic'') air.