An difríocht idir athruithe ar: "Teuvo Tulio"
Content deleted Content added
Mlang.Finn (plé | dréachtaí) →Saothair: typogr. |
MacCambridge (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
||
Líne 2:
Is é an meas atá ar '''Teuvo Tulio''', nó ''Teodor Antonius Tugai'' ([[23 Lúnasa]] [[1912]] [[Cathair Pheadair]] - [[8 Meitheamh]] [[2000]] [[Heilsincí]]) gurbh eisean máistir an anghrá agus an mhéaldráma i stair scannánaíochta na [[an Fhionlainn|Fionlainne]]. Ina aisteoir a thosaigh se sa bhliain [[1929]], agus é ag déanamh róil thábhachtacha i scannáin leis an stiúrthóir [[Valentin Vaala]] a bhí suite i saol na nGiofóg. Bhí folaíocht na [[an Laitvia|Laitvia]] is na [[an Rúis|Rúise]] ann, agus cuma eachtrannach air a rinne an-mhealltach, an-draíochtúil i súile na mban é. Cuireadh i gcomparáid le [[Rudolph Valentino]] féin é. Sa bhliain [[1936]] a stiúraigh sé an chéad scannán dá chuid féin. Na scannáin a rinne sé sna tríochaidí, bhí siad uile bunaithe ar chlasaicigh mhóra na litríochta Fionlannaí, agus thaitin siad go mór mór leis na léirmheastóirí. Chaith sé na blianta cogaidh ag déanamh obair bolscaireachta don arm.
Roimh an gcogadh, ba iad na méaldrámaí tuaithe a thuill a chlú dó, ach ina dhiaidh sin, chrom sé ar chur síos a thabhairt ar shaol na cathrach. Bhí saol drabhlásach, peacúil na cathrach ina théama tábhachtach sna scannáin seo, agus laoch tipiciúil ab ea
==Tús a Shaoil==
|