An difríocht idir athruithe ar: "Oileáin Fháclainne"

Content deleted Content added
ceannairí, daonra
mNo edit summary
Líne 70:
=== Na hAirgintínigh ag Sealbhú na nOileán ===
 
Nuair a bhain Leasríocht Río de la Plata amach an neamhspleáchas - ar dtús, thug sí an t-ainm "Cúigí Aontaithe Río de la Plata" uirthi féin, ach is é an t-ainm atá uirthi inniu ná an Airgintín - glacadh leis gur cuid den stát neamhspleách nua ab ea iad Oileáin Fháclainne, de réir an phrionsabail úd ''uti possidetis'' (is é sin, ós cuid den Leasríocht ab ea iad na hoileáin roimhe sin, b'fhollas gur cuid de na Cúigí Aontaithe ab ea iad anois). Ar an 6 Samhain 1820, d'ardaigh an Coirnéal David Jewett, Meiriceánach a bhí ar fiannas i gcabhlach cogaidh na gCúigí Aontaithe, bratach na tíre sin sna hoileáin, agus thug sé rabhadh do na mairnéalaigh Fhrancacha agus Shasanacha sa timpeallacht gan dul i dtír ansin, rabhadh nár thug siadsan aon aird air.
 
[[Íomhá:Aerial photo Port Stanley.jpg|thumb|left|220px|An phríomchathair, Stanley]]