An difríocht idir athruithe ar: "KGB"

Content deleted Content added
naisc agus cata.
mNo edit summary
Líne 8:
Tháinig deireadh le stair an KGB, nuair a bhain an Coirnéal-Ghinearál [[Vladimir Kryuchkov]], Ceannasaí an KGB, leas as acmhainní na seirbhíse slándála san iarracht a rinne seisean agus coimeádaigh eile an Bhiúró Pholaitiúil leis an gcumhacht a sciobadh ó [[Mikhail Gorbachev]] i Mí Lúnasa [[1991]]. Thit an tóin as an g''coup d'état'' seo, agus caitheadh Kryuchkov i dtóin an phríosúin. Chuaigh an Ginearál [[Vadim Bakatin]] i gceannas ar an KGB, agus bronnadh na cumhachtaí air an t-eagras a scor. Ar an 6 Samhain 1991, tháinig dhá sheirbhís slándála nua in áit an KGB, mar atá, an [[SVR]] (''Служба Внешней Разведки/Sluzhba Vneshney Razvedki'') nó Seirbhís na Faisnéise Eachtraí, agus an FSB a luadh thuas. Tá an FSB an-chosúil leis an sean-KGB ó thaobh na heagraíochta de.
 
Ó lá a bhunaithe, bhí fórsa slándála stáit an Aontais Shóivéadaigh ceaptha "mar chlaíomh is mar sciath chosanta" do [[Páirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh|Pháirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh]] agus don réabhlóid Bhoilséavach. I dtús a staire, is iomaí éacht a d'éirigh leis an bhfórsa, nó san am sin, ní raibh córas státslándála na dtíortha eile, cosúil leis [[an Ríocht Aontaithe]] agus na [[SAM|Stáit Aontaithe]], leath chomh dian is a shílfeá, agus mar sin, bhí sé an-fhurasta ag gníomhairí rúnda an Aontais Shóivéadaigh sleamhnú isteach i státseirbhís na dtíortha seo. Is iomaí duine san Iarthar a fuair an idé-eolaíocht [[Cummanachas|Chumannach]] tarraingteach go leor, agus mar sin, bhí na Sóivéadaigh in ann gníomhairí a earcú as measc mhuintir na dtíortha féin. Sampla maith de seo ab ea iad [[Cúigear Cambridge]], is é sin, cúigear [[Sasana]]ch a bhí ag staidéar in [[Ollscoil Cambridge]] nuair a d'earcaigh slándáil stáit an Aontais Shóivéadaigh iad: [[Kim Philby]], Donald Duart Maclean, Guy Burgess, Anthony Blunt agus an cúigiú fear nár haithníodh riamh go foirmeálta.
 
B'é an t-éacht spiaireachta ba mhó a d'éirigh leis na Sóivéadaigh ná gur insíothlaigh siad [[Tionscadal Manhattan]], an tionscadal a bhí ar obair ag na Meiriceánaigh leis an m[[buama adamhach]] a fhorbairt. Bhí beirt fhisiceoirí de chuid an tionscadail, mar atá, [[Klaus Fuchs]] agus [[Theodore Alvin Hall]], ag obair do na Sóivéadaigh.