An difríocht idir athruithe ar: "Stair na Rúise roimh Pheadar Mór"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 122:
Bhí an-pháirt ag an Eaglais Cheartchreidmheach in atógáil na sochaí is an chultúir, agus réim na Mongólach ag druidim chun deireanais. Go háirithe, bhí eaglaisí á dtógáil agus naomhphictiúir á ndathú, agus Novgorod ina lárionad tábhachtach ealaíontóireachta sa cheathrú haois déag, idir ailtireacht agus dhathadóireacht. Ansin a d'fhoghlaim Andrey Rublyov, an duine ba cháiliúla amuigh de dhathadóirí cráifeacha a linne, - ansin a d'fhoghlaim sé tús a cheirde ón máistir Gréagach úd Theophanes, nó "Feofan Grek", mar a thugadh na Rúisigh air, i ndeireadh na ceathrú haoise déag. (Lenár linn féin, rinne an stiúrthóir cáiliúil Andrey Tarkovskiy scéal beatha Rublyov a scannánú.) De réir a chéile, thosaigh na manaigh ag saothrú litríochta arís, agus iad ag cleachtadh na teanga scríofa a dtugtar an tSean-Slaivis Eaglasta uirthi.
 
Fuair Ivan a Trí bás sa bhliain 1505, agus tháinig a mhac Vasiliy a Trí i gcomharbacht air. Ós rud é gur banphrionsa Biosáinteach, Zoë Palaiologos, ab ea í a mháthair, agus an Biosáintiam féin léirscriosta ag na Turcaigh sa bhliain 1453, bhí Vasiliy inbharúla gurbh eisean a bhí ina oidhre ceart ar Impire an Bhiosáintiam. Bhí meas an tSáir - meas an Impire - aige air féin, agus scríbhneoirí cúirte dá chuid ag tagairt do Mhoscó mar "an tríú Róimh" (i ndiaidh an chéad Impireacht Rómhánach agus Impireacht an Bhiosáintiam, arbh í leath oirthearach na hImpireachta Rómhánaí í, ar dtús).
 
Mhair Vasiliy a Trí ag cur troda ar na Tatáraigh agus ag cúngú ar na stáit Rúiseacha eile, an dornán acu a d'fhan neamhspleách ar Mhoscó i gcónaí. Fuair Vasiliy bás sa bhliain 1533, agus ó ba rud é nach raibh ach trí bliana slánaithe ag a mhac, Ivan, fágadh na móruaisle - na boigheáraigh - i seilbh na tíre.
Líne 177:
Go gairid ina dhiaidh sin rinneadh patrarcach de Nikon a bhí i mbun na heaglaise i Novgorod. Fear éirimiúil uaillmhianach a bhí ann, agus theastaigh uaidh deasghnáthaí agus dogmaí na heaglaise a chur ar aon líne le máthaireaglais Chathair Chonstaintín. Mar shampla, thug sé ar fhíréin na Rúise iad féin a choisreacan le trí mhéar, seachas le dhá cheann, mar ba nós i measc na cosmhuintire. D'éirigh "lucht an tseanchreidimh" (''starovery'') nó "scoilteoirí na heaglaise" (''raskolniki'') amach in éadan na "nuálacha" a bhí Nikon a chur chun cinn, agus tugadh bata is bóthar don Phatrarc. Ina dhiaidh sin féin, bhí tromlach na n-eaglaiseach sásta leis na leasuithe a fhaomhadh is a fhormhuiniú, fiú ag an gcomhthionól eaglasta céanna a bhris Nikon as a phost. Mhair an scoilt i bhfad i ndiaidh lá Nikon - i mblianta an Aontais Shóibhéadaigh féin, d'fhéadfaí teacht trasna ar phobail bheaga scoite amuigh ar an iargúltacht nach raibh a fhios beo acu an Cumannachas, ná suim acu i gcúrsaí polaitíochta na comhaimsire, ó bhí siad i gcónaí ag cur in aghaidh an mhasla a thug Nikon don tseanchreideamh, dar leo - ach ós rud é nach raibh de dhiagaireacht ag lucht an tseanchreidimh ach a dtroid in aghaidh na leasuithe, agus iad féin ag teacht crosach ar a chéile i dtaobh a lán saincheisteanna, rinne siad athscoilt i ndiaidh a chéile eatarthu féin, agus na scórtha de sheicteanna éagsúla ag teacht ar an bhfód go géar gasta.
 
Tréimhse mhór fáis agus forbartha ab ea í an atógáilt i ndiaidh Thréimhse na dTrioblóidí ar a lán bealaí. hAtheagraíodh an t-arm de réir réamhshamplaí Iartharacha, agus oifigigh phroifisiúnta á n-earcú is á ndruileáil le haghaidh an fhiannais, in áit fir uaisle nach raibh de dhintiúirí acu ach an chéimíocht aicme. Albanaigh ab ea iad an chuid ba mhó de na saighdiúirí tuarastail a tháinig ón iasacht le bail a chur ar fhórsaí armtha na Rúise, agus d'fhág siad a lorg féin ar chultúr na tíre. Mar shampla, b'as Albain do shinsir an scríbhneora [[Mikhail Lermontov]] a bhí thuas sa naoú haois déag, agus é ar duine de na filí móra Rúiseacha: Learmont ba sloinneadh don fhear a chuir tús leis an teaghlach.
 
An borradh a tháinig ar an gcaiteachas mhíleata sa tseachtú haois déag, ghoill sé go mór mór ar na scológa, nó b'iadsan a d'íocadh as an ngléas is as an lón cogaidh, agus na cánacha ag teannadh orthu go dian. I dtús an tsamhraidh 1648 d'éirigh saighdiúirí amach i Moscó ag éileamh go gcuirfí an cháin ar shalann ar ceal. Ní raibh aon mhoill ar na saighdiúirí dílse an cheannairc seo a chloí, ach ba scéal eile ar fad é ceannairc Stenka Razin.