An difríocht idir athruithe ar: "Eris (abhacphláinéad)"

Content deleted Content added
nasc
mNo edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Eris and dysnomia2.jpg|thumb|right|200px|Eris agus a [[Gealach|ghealach]] [[Dysnomia]]]]
 
[[Abhacphláinéad]] is ea í '''Eris''' (nó '''136199 Eris''') atá suite ar imeall an [[Grianchóras|ghrianchórais]], níos faide ón [[ghréin]] ná [[Plútón]]. Ceann de [[réadanna an diosca scaipthe]] atá inti, nó ní féidir í a aicmiú go sásúil mar réad de chuid [[Crios Kuiper|Chrios Kuiper]] ná mar cheann de chuid [[Scamall Oort]], ach an oiread. Nuair a thángthas trasna ar Eris, b'éigean aicmiú nua a fháil do Phlútón, ós rud é nach raibh aon chúis cheart le "pláinéad" a thabhairt ar Phlútón a thuilleadh, agus an chuma ag teacht ar an scéal go bhfuil cuid mhaith réadanna eile amuigh ansin ar féidir dóibh a bheith ar aon mhéid le Plútón. Go bunúsach, is é an t-aon ábhar a bhí ann le Plútón a aicmiú mar "phláinéad" ná gur fionnadh é i bhfad roimh na [[Réad tras-Neiptiúnach|réadanna tras-Neiptiúnacha]] eile, chomh luath leis an mbliain [[1930]]. Mar sin, cheap [[Cumann Idirnáisiúnta na Réalteolaithe]] coincheap nua - abhacphláinéad - leis an bhfadhb a fhuascailt.
 
B'iad [[Mike Brown]], [[Chad Trujillo]], agus [[David L. Rabinowitz]]í a chuir an chéad sonrú in Eris, agus is é an chéad ainm a thug siad ar an réad ná [[Xena the Warrior Princess|Xena]] - ag tagairt do bhanphrionsa na gcogaithe ar an teilifís! Ar ndóigh, nuair a thug siad faoi deara [[gealach]] bheag ag timpeallú "Xena", bhaist siad "Gabrielle" uirthi. Is é an t-ainm atá uirthi inniu ná [[Dysnomia]]. Tá an dá ainm ag tagairt do chonspóid agus d'easaontas, nó ba mhór an t-ábhar easaontais do shaol na réalteolaíochta é an catagóir ceart réalteolaíoch a cheapadh d'Eris. B'í Eris bandia an easaontais i gcreideamh na sean-Ghréige, agus ciallaíonn Dysnomia "aindlí". Is féidir tagairt do Xena a aithint san ainm seo, freisin, ós rud é gurb é an focal [[Béarla]] ar "aindlí" ná "lawlessness", agus páirt Xena á déanamh ag aisteoir mná arb ainm di [[Lucy Lawless|Lucy ''Lawless'']].