An difríocht idir athruithe ar: "Domhandú"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link FA template (handled by wikidata) - The interwiki article is not featured
mNo edit summary
Líne 15:
Tá gné chultúrtha ann freisin. A bhuí leis an teileachumarsáid ardfhorbartha, tá faisiúin agus smaointí nua ag dul timpeall an domhain chomh luath leis an splanc thintrí. Aithníonn tomhaltóirí an domhan ar fad, ón [[An tSín|tSín]] go [[Portó Ríce]], na brandaí céanna, cosúil le Puma, Coca Cola, agus Sony. Mar sin féin, agus na cultúir éagsúla ag teacht i dteagmháil le chéile, is féidir dóibh teacht salach ar a chéile freisin. Mar shampla, bíonn sé deacair ag na Muslamaigh thraidisiúnta mórán maithe a aithint ar [[saoltachas|shaoltachas]] an Iarthair, agus a mhalairt.
 
Cuid thábhachtach den domhandú is ea í forbairt na teileachumarsáide, agus é ag déanamh "sráidbhaile domhanda" den domhan ar fad, mar a dúirt [[Marshall McLuhan]]. Sa bhliain 1850, thógfadh sé conablach bliana an turas timpeall an Domhain a thabhairt. Inniu, is féidir leat an turas céanna a chur díot ar feadh aon lá amháin agus litir ríomhphoist a chur chuig do chara ar thaobh eile den phláinéad is dúchas dúinn. Ó tháinig gléasanna nua iompair in úsáid, chuaigh na praghasanna taistil in ísle freisin. An tuinnín a maraíodh inniu san Atlantach Thuaidh, is féidir gur sa tSeapáin a íosfar amárach é. Agus, ar ndóigh, bíonn sócmhainní éagsúla eacnamaíocha, scaireanna agus eile ag dul ó lámh go lámh ar fud an domhain gan chostas ar bith, a bheag nó a mhór.
 
== Stair ==
Líne 33:
Tá údair ann a roghnaíonn an téarma "[[idirnáisiúnú]]" thar an "domhandú". Is é an tuiscint atá acu air ná go bhfanann na stáit agus na náisiúin tábhachtach, agus iad, fiú, ag dul chun tábhachta. Sin é an t-idirnáisiúnú. Dá mbeadh an saol ag dul chun domhandaithe, áfach, bheadh na stáit agus na náisiúin ag imeacht de dhroim an domhain, rud nach bhfuil ag tarlú ar aon nós. Go háirithe, ní fhacthas a réamhshampla i stair an domhain riamh go rachadh an saol chun domhandaithe cé go mbeadh sé ag dul chun idirnáisiúntachta.
 
Mar sin féin, tá fadhbanna le fuascailt nach dtugann aird ar theorainneacha na náisiúnstát, cosúil leis an truailliú. Thairis sin, tháinig gluaiseacht an fhrithdhomhandais ar an bhfód agus í ag iarraidh modhanna nua daonlathais a chruthú a chuirfeadh ar chumas na ndaoine treo forbartha an domhandaithe a dhíriú ar mhaithe lena leas féin. Siúd is gur thosaigh sí mar ghluaiseacht in aghaidh an domhandaithe mar rud, is é príomhbhéim a gníomhaíochta inniu ná leas an phobail a bhaint as an domhandú in ionad leas an rachmais mhóir amháin. Cé gur féidir na seanargóidí faoin domhandú a shéanadh agus tagairt a dhéanamh don idirnáisiúnú ina áit, is follasach gur gluaiseacht dhomhanda atá ann agus gur féidir a rá go bhfuil sochaí dhomhanda na bpobal ag teacht ar an bhfód. Deir údair áirithe go bhfuilimid ag bogadh i dtreo na sibhialtachta uilephláinéadaí, ach níl a fhios ag aon duine go fóill cén chuma a thiocfaidh ar an tsibhialtacht sin, agus tá an toradh ag brath go mórmhór ar na comhairlí ar a gcinnfidh muid ar feadh na mblianta beaga romhainn amach. Mar shampla, dhréachtaigh an ''[[Global Scenario Group]]'' cnámha scéil do chásanna éagsúla de thodhchaí an chine dhaonna, nach bhfuil an domhandú eacnamaíoch agus é bunaithe ar '''fhórsaí an mhargaidh''' ach ar cheann acu. Tá roghanna eile ann cosúil le '''cás na bpolasaithe leasaithe''', a bheadh bunaithe go mór ar pholasaithe láidire feasacha na rialtas náisiúnta; '''cás na clisiúna''', ina dtitfeadh tóin as an saol go léir, agus an domhandú ag iompú ina ghéarchéim eacnamaíoch agus ina olltubaiste dhomhanda le cogadh agus le coimhlint. Cás eile fós is ea é '''cás an daingin dhomhanda''', ina mbunódh na scothaicmí saincheantair chosanta dóibh féin agus iad ag rialú na cosmhuintire le lámh láidir. Thairis sin, cuireann an grúpa dhá chineál útóipe éiceolaíche ar tairiscint, is é sin, an '''Comhdhaonnachas Éiceolaíoch''', a bheadh i muinín na bpobal beag, agus '''Paraidím na hInbhuanaitheachta Nua''', a d'athródh carachtar éiceolaíoch an tsaoil uirbigh gan fáil réidh de na cathracha móra.
 
Deir daoine nach bhfuil i gceist leis an domhandú, go príomha, ach tuiscint ar leith ar chuma an domhain agus léamh ar leith ar a gheograife. Iad siúd a bhaineann an chiall seo as an domhandú, tá siad den tuairim go bhfuil an domhan á rialú ag na nua-liobrálaithe agus iad i gceannas ar na forais idirnáisiúnta airgeadais. Úsáideann na forais seo coincheap an domhandaithe le polasaithe áirithe a chur chun tosaigh mar nach mbeadh aon rogha eile ann, agus iad ag áitiú gur forbairt dhostoptha atá ann seachas polasaí polaitiúil. Mar sin, ní féidir leis na rialtais náisiúnta cur in aghaidh na n-éileamh a dhéanann, cuir i gcás, an Banc Domhanda orthu an geilleagar a shruthlíniú agus a oscailt don iomaíocht idirnáisiúnta de réir gormchló réamhdhéanta, gan aird a thabhairt ar na himthoscaí áitiúla ná ar leas na mbochtán.
Líne 59:
== Frithdhomhandas ==
 
Tá siadsan ann a bhíonn ag fáil lochta ar an domhandú eacnamaíoch, ós é a dtuairim siúd nach bhfuil sé ag freastal ar riachtanaisí na ndaoine ar fad, ná ag eascairt astu go nádúrtha. Is é an cáineadh tipiciúil a chloisfeá ó lucht an fhrithdhomhandais ná go bhfuil an fhorbairt seo ag brath níos mó ar thoil na scothaicmí ná ar éilimh na cosmhuintire. Is é an rud atá de dhíth, dar leo, ná forais agus institiúidí nua idirnáisiúnta a d'fhágfadh cead cainte ag lucht an bhochtanais chomh maith, gan aon trácht a dhéanamh ar na fadhbanna éiceolaíocha nach bhfuil inleigheasta ach náisiúin an uile dhomhain a bheith ag cur le chéile. Ábhar conspóideach is ea é ceist na himirce domhanda freisin. Cé acu atá an imirce riachtanach nó neamhriachtanach, inseachanta nó dosheachanta, ag dul chun leasa nó chun dochair don eacnamaíocht is don timpeallacht? Iad siúd a bhfuil dea-dhearcadh acu uirthi, deir siad nach bhfuil ann ach lucht oibre an dá chineál - idir lucht an fhorbhríste agus lucht na veistí bána - ag dul ó áit go háit ar lorg an tuarastail is fearr. Maidir leis na criticeoirí, áfach, bíonn siad den tuairim gur sórt spailpínteacht nó náibhíocht nua-aimseartha atá ann, agus na daoine ag iarraidh éalú ó éadóchas na slumanna uirbeacha sna tíortha tearcfhorbartha.
 
Ní féidir a rá go mbeadh aon ghluaiseacht amháin frithdhomhandais ann. Bíonn idir náisiúnaithe radacacha, faisistithe agus nua-Naitsithe fiú, ón eite dheis agus lucht cosanta an leasa phoiblí ón eite chlé, ar nós leithéidí [[Noam Chomsky]], ag léiriú míshástachta i leith an dóigh a bhfuil na scothaicmí ag láimhseáil cheisteanna an domhandaithe.