An difríocht idir athruithe ar: "Tiarna na bhFáinní"
Content deleted Content added
No edit summary chlib amháin: Emoji |
Praxidicae (plé | dréachtaí) Cealaíodh athrú 838486 le 2.25.115.216 (plé) rvv x wiki abuse |
||
Líne 14:
| congress =
| oclc =
}}
[[Íomhá:AnneauUnique.png|thumb|240px|An Fáinne Mór. Ar an bhfáinne, tá na focail seo greanta i dTeanga Dhubh Sauron: ''Asħ nazg durbatulûk, asħ nazg gimbatul, asħ nazg tħrakatulûk agħ burzum-isħi krimpatul'' - aon fháinne amháin le hiad a aimsiú, aon fháinne amháin le hiad a rialú, aon fháinne amháin leis an oíche a tharraingt orthu agus le hiad a cheangal den dorchadas.]]
[[Úrscéal]] eipiciúil fantaisíochta is ea '''Tiarna na bhFáinní''' ([[Béarla]]: ''The Lord of the Rings'') leis an Ollamh le Léann na Meánaoiseanna [[J. R. R. Tolkien]]. I dtús báire, ní raibh ann ach scéal leantach don ''[[An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís|Hobad]]'', a chum sé do na páistí roimhe sin, ach sa deireadh thiar, b'é ''Tiarna na bhFáinní'' a thabhaigh an cháil dhomhanda dó. Scríobh sé an t-úrscéal de réir a chéile idir na blianta [[1937]] agus [[1949]], cuid mhaith de i mblianta an [[Dara Cogadh Domhanda]]. Nuair a tháinig an t-úrscéal i gcló, foilsíodh ina thrí imleabhar é sna blianta [[1954]] agus [[1955]]. Le fírinne, ní mar thríológ a scríobh Tolkien é ar dtús, agus chuir sé as dó go gcaithfí an leabhar a fhoilsiú san fhoirm seo, ach ní bheadh sé praiticiúil ag an teach foilsitheoireachta an t-iomlán a chur i gcló faoi chlúdach aon leabhair amháin, san am. Ó sin i leith, is iomaí eagrán nua a tógadh den leabhar, agus haistríodh é go hocht dteanga déag is fiche, ar a laghad. Áirítear ar ceann d'úrscéalta móra na fichiú haoise é.
|