An difríocht idir athruithe ar: "Iúil Caesar"

No change in size ,  3 bliana ó shin
no edit summary
m (Removing Link GA template (handled by wikidata))
Sa bhliain 84 r. Chr. phós Iúil Caesar Cornelia, iníon an chonsail [[Lucius Cornelius Cinna]], a raibh baint aige le páirtí na b''Populares''. Sa bhliain chéanna bhain Caesar amach post tábhachtach mar ''Flamen Dialis'', is é sin, príomhshagart Iúpatair. B'fhéidir leas polaitiúil a bhaint as an bpost seo. Ar mhí-ámharaí an tsaoil, d'éirigh le [[Lucius Cornelius Sulla]] deachtóireacht a bhaint amach go gairid ina dhiaidh seo. Ó bhí Sulla ag tacú le páirtí na n''Optimates'', is é sin, páirtí na huasalaicme, bhí Caesar i bponc. Bhí sé pósta ar iníon Cinna agus gaol aige le duine tábhachtach eile de na ''Populares'', mar atá, Marius. D'éiligh Sulla ar Caesar idirscaradh ó Cornelia ach ní raibh Caesar sásta tabhairt isteach dó. Ina ionad sin thréig sé an Róimh. Bhí cairde sa chúirt ag Caesar a d'fhéach chuige nach raibh [[dúnmharú]] polaitiúil á bhagairt air, ach mar sin féin, d'fhan sé ar a theitheadh taobh amuigh den [[An Róimh|phríomhchathair]].
 
Bhí fáilte roimhe sna fórsaí armtha, ní nárbh ionadh, agus glacadh leis mar oifigeach foirne faoi cheannas an ghinearáil Marcus Minucius Thermus, a bhí ag faire chúige na hÁise (is é sin, iarthar na Mion-Áise, nó iarthar na Tuirce sa lá atá inniu ann) thar cionn Sulla. Nuair a bhí cathair Mytilene in oileán Lesbos faoi léigear ag saighdiúirí Thermus, bronnadh an ''corona civica'' nó coróin an tsaoránaigh ar Iúil Caesar - bCaesar—b'ionann sin is a rá go raibh sé tar éis duine dá chomh-Rómhánaigh a shábháil ar an mbás ar mhachaire an áir. Ó nach raibh deireadh ag teacht leis an léigear, cuireadh Caesar chuig rí na Bitine, Nicidéamas a Ceathair, duine de chomhghuaillithe na Rómhánach, le cuidiú a iarraidh air. Chaith sé tréimhse chomh fada ann gur cuireadh amach air go raibh caidreamh collaí ag Caesar leis an [[rí|Rí]].
 
Sa bhliain 78 r. Chr. fuair Sulla bás agus d'fhill Caesar ar an Róimh le dul le polaitíocht arís. Mar ba ghnách sa Róimh ag an am, rinneadh ionchúisitheoir agus mionstátseirbhíseach - duinemionstátseirbhíseach—duine de na ''vigintisexvirivigintisexviri—'' - de mo dhuine. Ina ionchúisitheoir dó chúisigh sé an t-iar-chonsal Cnaeus Cornelius Dolabella, duine de lucht leanúna Sulla. Thuig muintir na Róimhe as seo go raibh Caesar i ndeabhaidh le páirtí Sulla i gcónaí.
 
Le teitheadh ó fhuath mhuintir Sulla, chinn Caesar ar an Róimh a thréigean arís, cé nach le saighdiúireacht a chuaigh sé. Is é an rud a rinne sé ná a aghaidh a thabhairt ar Oileán Ródas sa [[An tSean-Ghréig|Ghréig]] le reitric agus deisbhéalaí a fhoghlaim ó mháistir aitheanta na ceirde, Mólan. Níor tháinig sé a fhad le scoil Mhólain riamh, áfach, nó ghabh foghlaithe mara ina phríosúnach é le hairgead a fhuascailte a éileamh ar a mhuintir. Deirtear gur chuala Caesar iad ag rá go raibh cuma an bhoic mhóir air agus go raibh siad le fiche tallann óir a éileamh. Bhí Caesar den tuairim nach rachadh sé a phraghas ceart ar fhiche tallann óir, áfach, agus é ag áitiú ar na foghlaithe gurbh fhiú dóibh caoga tallann a iarraidh. San am céanna, dúirt sé leis na foghlaithe go gcrochfadh sé gach mac mallachta acu ar chros dá mbeadh sé de dhíth céille acu é a scaoileadh saor ina bheo. Níor thug na foghlaithe aird ar an rabhadh seo; fuair siad an caoga tallann, agus nuair a d'éirigh le Caesar a dhóthain saighdiúirí a fháil chuige chuaigh sé sa tóir ar na fuadaitheoirí. Ghabh sé iad sa deireadh agus chuir sé beart lena bhagairt, nó chéas sé na foghlaithe mara ar chros. Ó bhí siad ina gceann maith dó i rith a bhraighdeanais, áfach, bhris sé a gcuid cos sular crochadh iad le nach mbeadh moill mhór ar an mbás.
=== An Fód á Dhéanamh aige ===
 
I dtús na bliana 73 r. Chr. ceapadh Caesar ina dhuine de na [[Pontifices]], is é sin, ina bhall de chomhairle na sagart. Tháinig sé i gcomharbas ar ghaol leis, Caius Aurelius Cotta, a bhí tar éis bás a fháil. Sa bhliain 69 r. Chr. d'éirigh leis céim an chaestóra a fháil. Ba í an chaestóireacht an chéim ab ísle de na poist fhíorthábhachtacha - an ''cursus honorum'' nó cúrsa na n-onóracha - saonóracha—sa tsean-Róimh.
 
Sa bhliain 68 r. Chr. cailleadh Cornelia, bean chéile Chaesar. Thug sé grá na hailpe do chailín saibhir de mhuintir Sulla, Pompeia, agus é ag baint leasa as a cuid airgid le dul chun cinn sa pholaitíocht. Sa bhliain 65 ceapadh ina aedíleach curúlach é, agus sa bhliain 63 rinneadh Pontifex Maximus de - isde—is é sin, ardsagart na ndéithe go léir. (Inniu, ar ndóigh, tugtar Pontifex Maximus ar [[Pápa|an bPápa]], ach tá an chéimíocht níos sine ná an [[Críostaíocht|Chríostaíocht]].).
 
San am seo bhí an Róimh ar coipeadh le ráflaí faoi chomhcheilg a bhí ar cois ag baicle rúnda a bhunaigh [[Lucius Sergius Catilina]] le teacht i réim sa Róimh. Bhí cuid mhór de mhaithe is de mhóruaisle na Róimhe sáite sa chomhcheilg, agus amhras ar na daoine faoi Iúil Caesar féin, ó bhí caidreamh éigin aige le Catilina roimhe seo. Mar sin féin, d'éirigh le Caesar an drochamhras a scaipeadh. Sa bhliain 62 bhain Caesar amach céimíocht an phraetóra, ceann de na poist ab airde i gcóras riaracháin na Róimhe. Bhain mí-ádh pearsanta dó, áfach, nó b'éigean dó dealú óna bhean chéile, Pompeia, i ndiaidh scannail a d'fhág amhras na mígheanmnaíochta uirthi.
Bhí Caesar chomh dána dásachtach is gur rith leis sluaíochtaí míleata a dhéanamh go dtí an Ghearmáin agus an Bhreatain, rud a tharraing súil na Róimhe air, nó bhí na Rómhánaigh aineolach ar fad ar na críocha seo ag an am. Chinn Caesar sa deireadh gan gabháltas a dhéanamh orthu, agus níor thit [[an Bhreatain]] leis na Rómhánaigh ach céad bliain níos deireanaí. An teorainn a fheicimid idir an Fhrainc agus an Ghearmáin inniu, tá sí suite san áit ar fhág Caesar í, a bheag nó a mhór.
 
Is féidir a mhaíomh gur maraíodh milliún Gailleach le linn an chogaidh a chuir Caesar ar an nGaill. Fágadh milliún eile i ndaoirse agus i ndaorbhroid. Thug Caesar cuntas ar a chuid eachtraí sa Ghaill sa leabhar is cáiliúla dá chuid, mar atá, ''Commentarii de bello GallicoGallico—'' - Tráchtaireacht ar chogadh na Gaille. An t-eolas atá againne ar chogaíocht na Rómhánach, tháinig cuid nach beag de chugainn ón leabhar seo. Leabhar bolscaireachta a bhí ann go bunúsach, lena chruthú don tSeanad go raibh údar ceart leis an gcogadh. Thairis sin de, ba í an leabhar seo a chuir ar a súile do na Rómhánaigh den chéad uair gur dhá phobal éagsúla ba ea na Ceiltigh agus na Gearmánaigh. Roimhe sin, shíl na Rómhánaigh nach raibh sna Gearmánaigh ach ceann de na treibheacha Ceilteacha.
 
Ba é Vercingetorix an taoiseach ba mhó a chuir in aghaidh Caesar, agus é ar aon chothrom le Caesar mar cheannsaí cogaidh. B'fhada Caesar ag troid le Vercingetorix, a bhris an cath air i nGergovia (in aice le Clermont-Ferrand an lae inniu). Sa deireadh thiar thall, fuair sé an ceann is fearr ar an taoiseach Gailleach in Alesia (Alise Sainte-Reine an lae inniu), áit ar thug Vercingetorix é féin suas do Chaesar le comha níos fearr a thabhú dá mhuintir. Deirtear gur chaith an taoiseach Gailleach a ghléas cogaidh le cosa Caesar, ach is féidir nach bhfuil i gceist ach teilgean cainte. Taispeánadh Vercingetorixdo mhuintir na Róimhe i mórshiúl caithréime Chaesar, ach ansin cuireadh chun báis é, nó bhí Caesar géarbharúlach gur namhaid dainséarach a bheadh ann dá n-éireodh leis éalú as an mbraighdeánas.
==== An Cogadh Cathartha ====
 
Sa bhliain 53 r. Chr. maraíodh Crassus san Aisír, áit a raibh sé ag cur cogaidh ar na Pairtigh. Bhí Pompeius buartha faoi bhorradh Chaesar agus thosaigh sé ag déanamh mórtachais le Seanadóirí a raibh an colg céanna orthu. Bhí Caesar féin i ndeireadh na próchonsalachta agus é fágtha gan tacaíocht pholaitiúil de bharr chliseadh na Triúrachta. Ba bhaol dó comhar Phompeius agus an tSeanaid, agus an chuma ar an scéal go ngabhfaidís é ar theacht go dtí an Róimh dó. Shíl sé, mar sin, nach raibh de rogha air ach teacht i dtreis le lámh láidir. Choisc an Seanad air a chuid léigiún a thabhairt leis go dtí an Iodáil, ach nuair a bhain sé amach teorainn na hIodáile agus na Gaille, Abhainn Rubico, ar an deichiú lá d'Eanáir, 49 r.Chr., chuaigh sé chun diúnais ar an Seanad agus thug cúig mhíle fear leis. Deirtear gur ar an ócáid úd a chualathas na focail chlúiteacha - chlúiteacha—''alea iacta estest—'' - á labhairt aige. Ós rud é go raibh an Ghréigis chomh líofa aige leis an Laidin, mar ba dhual do scothaicme na Róimhe ag an am, is dócha gurb as Gréigis a dúirt sé iad - iad—''anerriphtho kybos''. Tá tagairt sa mhéid sin do dhráma le Menandros, drámadóir Gréagach.
 
Cibé scéal é, ghabh Caesar an Róimh gan mórán dua, agus theith Pompeius agus cuid mhór de na Seanadóirí go dtí an Ghréig roimhe.
Sa bhliain 48 r. Chr. bronnadh an chonsalacht ar Caesar in athuair, agus siúd anonn chuig an nGréig é le cogadh a chur ar a chuid naimhde. Mhaidhm an cath ar Phompeius ag Pharsalos i dtuaisceart na Gréige, agus lorg sé dídean san Éigipt. Ní raibh Tolamaes a Trí Déag, rí na hÉigipte, sásta tearmann a thabhairt dó, áfach: dúnmharaíodh Pompeius ar orduithe an rí. Ag teacht sna sálaí ag Pompeius dó, shroich Caesar Alexandria, príomhchathair na hÉigipte, agus casadh deirfiúr an rí, [[Cleopatra]], air. De réir nós na nÉigipteach, bhí Cleopatra pósta ar a deartháir, ach níor stop sin í ó ghrá a thabhairt do Caesar, ná Caesar ó dhul ina haraicis. Más fíor féin gurbh é seo cumann grá na mílaoise, is iomaí trioblóid a tharraing sé. Rugadh mac di le Caesar agus Caesarion mar ainm air; bhí Caesar sásta a admháil gurbh é siúd a mhacsan, ach níor fhág sé dada ag an mbuachaill ina thiomna. Ní rithfeadh leis riamh Cleopatra a phósadh ach an oiread, nó bheadh a chnaipe déanta mar pholaiteoir sa Róimh, agus bhí sé pósta ar Chalpurnia i gcónaí.
 
Ní raibh an cogadh cathartha críochnaithe go fóill, áfach. Bhí fórsaí an tSeanaid ag troid le Caesar i gcónaí, agus chuir sé cath orthu ag Thapsus i dtuaisceart na hAfraice ar an séú lá de Mhí Aibreáin, 46 r. Chr.. Chloígh sé Metellus Scipio agus Marcus Porcius Cato Óg, mac le [[Marcus Porcius Cato Maior|Cato Mór]]. D'éirigh Cnaeus Óg agus Sextus, beirt mhac le Pompeius, amach ina aghaidh, ach d'éirigh le Caesar an cogadh seo - Cogadhseo—Cogadh na Spáinne - a bhuachan chomh maith. Tháinig deireadh leis i Mí na Márta den bhliain 45 r. Chr., nuair a chloígh Caesar mic Pompeius ag Munda. Chuir Cnaeus lámh ina bhás féin ach tháinig an deartháir eile slán.
 
=== An Deachtóireacht ===
Bhain Caesar amach an deachtóireacht ar dtús sa bhliain 46 r. Chr., i ndiaidh dó filleadh abhaile ón Éigipt. An uair sin bhí air éirí as an bpost i gceann deich mbliana, ach i ndiaidh dó bua a bhreith ar chlann mhac Phompeius rinne an Seanad ''dictator perpetuus'' nó buandeachtóir de. Bhí an deachtóireacht shealadach ag cur le bunreacht na Roimhe, nó bhí sé ceadaithe na cumhachtaí sin a thabhairt ar iasacht do ghinearál, mar shampla, ar feadh an chogaidh. Sampla de sin ba ea [[Cincinnatus]], fear a bhí ina chomhartha ar shuáilcí an Rómhánaigh idéalaigh: fear simplí a ghlac le cumhachtaí an deachtóra leis an Róimh a tharrtháil agus a d'fhill ar a sheancheird ina dhiadh sin. Scéal eile ar fad ba ea an buandeachtóir, nó chuir sé an phoblacht féin i mbaol, rud a chuir olc ar mhórán agus ba chúis le comhcheilg i gcoinne Chaesar.
 
Níl na staraithe ar aon tuairim inniu féin faoi cé acu a bhí fonn ar Chaesar rítheaghlach a bhunú agus an phoblacht a threascairt nó nach raibh. Bhí cumhacht ríoga aige cheana ach thuig sé nach bhféadfadh sé an scéal a phlé os ard. Chuimhnigh sé ar chogaidh eile a thosú - nathosú—na Pairtigh a ionsaí agus díoltas a agairt orthu as marú Crassus.
 
=== An Bás ===
 
[[Íomhá:Rimini083.jpg|thumb|240px|Dealbh do Caesar - Rimini, [[An Iodáil]].]]
I gceann tamaill chloígh Octavianus a chomh-Thriúraithe. Sa bhliain 31 r. Chr. bhí deireadh curtha leis an gcogadh cathartha aige agus é féin iompaithe ina Impire. Mar sin féin, bhí sé ag iarraidh dealramh na ríogachta a sheachaint, agus é ag caint ar '"athbhunú na Poblachta". Ní raibh ann féin, mar dhea, ach ''princeps'', is é sin, an chéad saoránach. I ndáiríre, bhí an stát faoi smacht aige féin amháin. Ba iad na Seanadóirí a bhronn an leasainm ''Augustus'' (Ágastas) - "urramach, mórga" - ar—ar Octavianus, agus is mar Ágastas a choinníonn na hannála cuimhne air.
 
Chomh luath le tús an dara triúracht, gaireadh dia d'Iúil Caesar - Caesar—''divus Iulius'', Iúil Diaga. Sa bhliain 29 r. Chr., thiomnaigh Ágastas teampall d'Iúil Diaga sa Fhóram Rómhánach. Ba nós ag Ágastas freisin "mac an duine dhiaga" a thabhairt air féin.
 
== A Chuid Scríbhneoireachta ==
 
Bhreac Caesar síos scéal a chogaidh i seacht leabhar an tsaothair úd ''Commentarii de bello Gallico'' ("Trácht ar chogadh na Gaille"). Ós rud é go bhfuil an saothar seo scríofa i Laidin shimplí shoiléir, gan ruthaig na reitrice, is gnách é a úsáid mar lón léitheoireachta do na scoláirí agus iad díreach ag éirí chomh heolach ar an Laidin is gur féidir leo an chéad leabhar a léamh. Is iomaí scoláire Laidine a d'fhoghlaim an chéad chupla abairt sa leabhar seo de ghlanmheabhair, ós rud é gurb iad na focail seo a d'oscail an geata go saol na Róimhe: ''Gallia est omnis divisa in partes tres, quarum unam incolunt Belgae, aliam Aquitani, tertiam qui ipsorum lingua Celtae nostra Galli appellanturappellantur—'' - is é sin: "Tá an Ghaill roinnte ina trí chuid, na Beilgigh ina gcónaí i gcuid amháin, na hAcatánaigh i gcuid eile acu, agus dream sa tríú cuid a dtugtar Ceiltigh orthu ina dteanga féin agus Gallaigh inár dteangana".
 
Creidtear gur riachtanais pholaitiúla ba mhó a spreag Caesar chun pinn, nó bhí sé ag iarraidh lucht a cháinte sa Seanad a chur ina dtost agus a chruthú gurbh fhónta an rud a rinne sé d'ainneoin ar chosain an cogadh d'airgead Rómhánach.
<div class="references-small">
* [http://penelope.uchicago.edu/Thayer/E/Roman/Texts/Appian/Civil_Wars/2*.html Appianus, Leabhar 13] (aistriúchán Béarla)
* [http://penelope.uchicago.edu/Thayer/E/Roman/Texts/Cassius_Dio/37*.html Cassius Dio, Leabhair; 37–44] (aistriúchán Béarla)
* [http://penelope.uchicago.edu/Thayer/L/Roman/Texts/Suetonius/12Caesars/Julius*.html Suetonius: Beathaisnéis Iúil Caesar - ''The Life of Julius Caesar'']. (Laidin agus Béarla agus iad croscheangailte: J.C. Rolfe a d'aistrigh go Béarla)