An difríocht idir athruithe ar: "CLG An tAthair Ó Cathasaigh"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
mNo edit summary
Líne 24:
 
== Suíomh ==
Tá an club bunaithe i bparóiste MainistirMhainistir na Féile in Iarthar [[Contae Luimnigh|Chontae Luimnigh]], ar theorann [[Contae Chiarraí|Chontae Chiarraí]] 65km siar ó dheas ó [[Luimneach|Chathair Luimnigh]]. Tagann formhór dá nimreoirí as baile [[Mainistir na Féile]] féin, as na ceanntracha tuaithe maguaird ar nós An Drom Tarsna, Cnoc na Sionnach, Cill Conléith agus Bealach Beithe agus as paróiste Teampall an Ghleanntáin.
 
== Cluichí ==
Líne 32:
Téann stair an chluib siar go dti an bhliain 1884 nuair a chláraigh sé faoin ainm ''Mainistir na Féile'' agus tá sé ag imirt peile gan stad ón lá sin. Ba é an sagart cáiliúil náisiúnach tAthair Liam Ó Cathasigh, a d’eagraigh comórtaisí lúthchleasaíochta agus peile sa pharóiste sular bhunaíodh [[Cumann Lúthchleas Gael]] go hoifigiúil, an chéad cathaoirleach.
 
Ba chlub láidir peile éí Mainistir na Féile le linn blianta tosaigh CLG agus d'imríodar i gcomórtaisí a eagraíodh in Iarthar Chontae Luimnigh agus i gContae Chairraí. Lean slua mór agus banna práis cáiliúil Mainistir na Féile na peileadóirí go dti Ráth Caola i gcomhair cluiche ceannais [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh]] na bliain 1898 ach bhuaigh Na Trádálaithe orthu an lá sin. Bhí orthu cluichí cenannais na bliana 1900 (i gcoinne [[CLG Úlla|Úlla]]), 1904 agus 1911 (an beirt i gcoinne Na Trádalaithe) a chailliúint chomh maith sular tháinig an [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh|corn]] chucu faoi dheireadh sa bhliain 1914 nuair a bhuadar ar Na Trádálaithe. Chosnaíodar an teideal sa bhliain dár gcionn nuair a ghéill Na Trádálaithe dóibh gan imirt.
 
Tá tuaiirisc ann faoi chomórtas iomána a eagraíodar i Mainistir Féile inar bhuadar cluiche i gcoinne [[CLG Móin na nGé|Móin na nGé]] ach, lasmuigh de sin, is beag tagairt a bhfuil ann don iomáint i stair an chluib.