An difríocht idir athruithe ar: "Jeanne d'Arc"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Joan of arc miniature graded.jpg|thumb|Pictiúr ~.1485]]
Naomh [[Caitliceach]] den [[15ú haois|chúigiú haois déag]] ba ea '''Jeanne d’Arc ''' (c. [[1412]] – [[30 Bealtaine]] [[1431]]). Banlaoch náisiúnta de chuid na [[An Fhrainc|Fraince]] ba ea í agus tugadh "Ainnir Orléans" uirthi chomh maith. Cailín tuathánach ba ea í a rugadh in Oirthear na Fraince. Bhí sí i gceannas ar arm na Fraince san iliomad buanna tábhachtacha le linn [[Cogadh an ChéadCéad Bliain|Chogadh an Chéad Bliain]], ag maíomh go raibh treoir [[Dia|Dé]] á fáil aici, agus bhí sí freagrach go hindíreach as corónú [[Séarlas VII na Fraince|Rí Shéarlas VII]]. Ghabh na [[Sasana]]igh í, rinneadh í a thriail os comhair cúirte eaglasta agus dódh ag an stáca í nuair a bhí sí naoi mbliana déag d’aois. Ceithre bliana is scór ina dhiaidh sin, rinne an Suí Naofa athbhreithniú ar chinneadh na cúirte eaglasta, fuarthas neamhchiontach í, agus gaireadh ina mairtíreach í. Beannaíodh sa bhliain [[1909]] í agus canónaíodh í ina dhiaidh sin sa bhliain [[1920]].
 
Dhearbhaigh Jeanne go raibh rudaí ó Dhia á dtaibhreamh di, físeanna a d’inis di a tír dhúchais a aisghabháil ó cheannas Sasanach go déanach i gCogadh an Chéad Bliain. Rinne Rí Shéarlas VII, nach raibh corónaithe ag an am, í a chur chuig an [[léigear ag Orléans]] mar chuid de mhisean fóirithinte. Tháinig sí in ardréim nuair a sháraigh sí meon diúltach na gceannasaithe ársa agus chuir sí deireadh leis an léigear taobh istigh de naoi lá. Rinneadh Séarlas VII a chorónú ag [[Reims]] de bharr níos mó buanna tapa éagsúla agus socraíodh an comharbas chun na corónach a raibh conspóid faoi.